Christine Chartrand

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaChristine Chartrand
Beathaisnéis
Breith28 Márta 1948
76 bliana d'aois
Montréal, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: 467d41c1-1c2c-44d5-93ac-15645a764e03 Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí, cumadóir agus óstach teilifíse ó Québec a rugadh ar 28 Márta 1948 is ea Christine Chartrand.

Chuaigh sí i mbun a gairme in aois a hocht mbliana déag ar an raidió. Thosaigh sí ag cur ceirníní amach trí Capitol Records, RCA Victor agus Trans-Canada, ag tarraingt aoibh na ndaoine uirthi agus ag bailiú duaiseanna.

I 1980 bhain sí barr an chnagliosta amach den chéad uair le “Il pleut des larmes”, amhrán a dúirt sí in éineacht lena seanchara Claude Stében. An bhliain dár gcionn rinne sí arís é le “Parce que l'amour c'est ça”. Ise a scríobh na hamhráin agus a chum an ceol le haghaidh a halbaim Facettes, a tháinig amach i 1982 agus a bhí léirithe aici féin.

Leanann sí uirthi ag teacht os comhair an phobail agus a fear céile Georges Tremblay ina teannta go minic. I measc na n-amhrán dá cuid ar éirigh thar cionn leo tá “Mon arbre” (1967), “Pourquoi je t'aime” (1968), “Qui sont ces gens?” (1968), “Quatre gouttes de pluie” (1968), “Pala pala pala” (1976), “Les gars” (1976), “Il pleut des larmes” (le Claude Stében, 1980) agus “Parce que l'amour c'est ça” (1981).

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1967 Mon arbre (Capitol, ST-70014)
  • 1968 Christine Chartrand à Paris : Pourquoi je t'aime (Capitol, ST-70018)
  • 1968 La voix du silence (Capitol, SQ-80 012)
  • 1970 La rivière (Trans-Canada, TSF-1427; rinneadh athchóiriú air i 1973 le clúdach nua, Trans-Canada Maximum, TCM 2909)
  • 1976 Christine Chartrand (Deram, XDEF. 133)
  • 1978 Hop! La vie (Prom-Tel, PTL-6510)
  • 1982 Facettes (Multi Musique, MF-3201)
  • 1989 Parlez-moi d'amour (Star, STR-8016)
  • 1997 Chante Gilles Rivard (VersaLîle, VERS2 1009)