Ginette Ravel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGinette Ravel
Beathaisnéis
Breith6 Deireadh Fómhair 1940
Joliette, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Feabhra 2022
81 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
UirlisCeol gutha

Musicbrainz: a903208f-1807-45fd-bfbd-895dba725403 Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí ó Québec is ea Ginette Ravel (née Marie Thérèse Ginette Gravel). Rugadh í in Joliette, Québec, ar an 6 Deireadh Fómhair 1940. Bhí guth corraitheach mealltach aici agus fáiltíodh roimpi i gCeanada agus sa Fhrainc.

Beatha agus Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhoghlaim Ginette Ravel conas seinm ar an bpianó agus í an-óg, agus rinne sí cúrsaí aisteoireachta agus urlabhra. D’aistrigh sí féin agus a muintir go Montréal in aois a hocht mbliana.

Thosaigh sí ag amhránaíocht go gairmiúil i 1958 sa Cabaret La Cave le Marc Gélinas agus Rod Tremblay. Chuir sí aithne freisin ar Paolo Noël, an chéad bhuachaill aici agus comhairleoir ceirde.

Ghnóthaigh sí comhramh an bhanamhránaí ab fhearr sa ré 1958-1959. D’éirigh léi gan mhoill agus iarradh uirthi a bheith páirteach ina lán cláir theilifíse.

Ghnóthaigh sí ceirnín órga 1959 de bharr a chéad fhadcheirnín, Tu te souviendras de moi (Beidh cuimhne agat orm). Chomh maith leis sin fuair sí Duais Mhór an cheirnín Cheanadaigh ab fhearr ar raidió Montréal i 1961. Sna blianta ina dhiaidh sin bhí glaoch ar amhráin dá cuid leithéidí "Quand le soleil était là" (Nuair a bhí an ghrian ann), "Demain tu te maries (arrête, arrête, ne me touche pas)" (Amárach pósfaidh tú (is ná teagmháil liom)), "Plus je t'entends" (Dá mhéad a thuigim thú) de chuid Alain Barrière, "La Mama" de chuid Charles Aznavour agus eile. I dtús 1963 chuir sí an clár Avec une chanson (Le hamhrán) i láthair do CFTM, Montréal, agus ghnóthaigh Duais Mhór an cheirnín Cheanadaigh arís de bharr an cheirnín L’amour c’est comme un jour (Is ionann an grá is lá).

Chaith sí bliain i bPáras agus dúirt amhráin i gclubanna difriúla ar an mBruach Clé. Orthu sin bhí l'Échelle de Jacob, áit a bhí á riar ag Suzy Lebrun; bhí Ravel sé mhí i mbun amhránaíochta ann. In 1966 bhí slua ag plódú isteach ar feadh seachtaine lena cloisteáil in La Comédie canadienne (le Théâtre du nouveau monde inniu) agus bhí an t-éileamh céanna uirthi i rith turais in Québec. In 1966 chuir sí féin agus Pierre Marcotte an clár À la catalogne i láthair (CFTM). Phós siad in 1964 agus bhí buachaill acu, Pascal. Bhí fáilte an domhain roimpi arís i bpailliún Cheanada ag Expo 67 i Montréal. Ach bhí dúil san ól ag dul i ngreim inti.

In 1968 thug sí ceolchoirm sa Place des Arts i Montréal in éineacht le Jacques Michel (a scríobh roinnt amhrán di) agus bhí éileamh ar an amhrán En suivant l’étoile (Ag leanúint réalta) a dúirt sí le Marc Gélinas. An bhliain chéanna ghnóthaigh sí an dara duais ag Féile Sopot sa Pholainn) le Je reviens chez nous (Táim ag filleadh abhaile) ó lámh Jean-Pierre Ferland.

Is iomaí turas a rinne sí san Eoraip anuas go dtí 1986. Thug sí cainteanna ar an ól agus ar an spioradáltacht agus bhí ceolchoirmeacha aici sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sa Bheilg agus san Eilvéis.

In 1979 chuir sí seó dar theideal Encore une histoire d’amour (Scéal grá eile) ar bun sa Place des Arts agus i 1980 rinne fadcheirnín d’amhráin spioradálta, La vérité (An fhírinne).

Chomh maith leis sin scríobh cúig leabhar faoina saol: Je vis mon alcoolisme (Fulaingím an alcólacht), Vivre 24 heures à la fois (Maireachtáil ó lá go lá), La cuisine du cœur (Cócaireacht an chroí), Entre l'amour et l'amitié (Idir an grá agus an cairdeas) agus et J'ai vaincu la dépression et échappé au suicide (Sháraigh mé an duairceas agus sheachain mé an féinmharú).

Rinne Ginette Ravel timpeall cúig fhadcheirnín déag agus timpeall caoga turas.

Scríobh Ginette Ravel d’irisí Claude G. Charron ar feadh seacht mbliana. Chuir sí agallamh ar phearsana nótáilte, leithéidí Juliette Greco, Serge Reggiani, Robert Bourassa, Gilbert Bécaud, Yves Duteuil, Petula Clark, Jean-Paul Belmondo, Céline Dion, etc..

Tháinig sí i láthair an phobail den uair dheireanach ag Roche-sur-Yon sa Fhrainc in 1986.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1962 : Tu te souviendras de moi
  • 1963 : L'amour, c'est comme un jour
  • 1964 : Avec l'amour
  • 1966 : Hourrah!
  • 1967 : À ta santé, la Terre
  • 1969 : J'irai par le monde
  • 1980 : La vérité

Bailiúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1965 : Mes grands succès
  • 1968 : Succès souvenirs
  • 1969 : Succès souvenirs, Vol. 2

Ceolchoirmeacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1966 : À la Comédie-Canadienne
  • 1968 : Ginette Ravel au Théâtre Maisonneuve

Le cloisteáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ginette Ravel - "Quand tu auras raté le train" (1966): [1]

Ginette Ravel - "J'étais en Amérique" (1965): [2]

Ginette Ravel - "Fais attention": [3]

Ginette Ravel - "Demain tu te maries": [4]

Ginette Ravel - "Fais-moi l'amour" (1978): [5]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]