Marie Godard

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMarie Godard
Beathaisnéis
Breith7 Lúnasa 1952
71 bliana d'aois
Montréal, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
SiblínChristine Charbonneau

Is í Marie Godard an t-ainm cleite atá ar Marie-Josée Charbonneau, scríbhneoir de chuid Québec a rugadh ar 7 Lúnasa 1952 i Montréal i gCeanada. Is deirfiúr í leis an amhránaí agus scríbhneoir Christine Charbonneau.

Beatha agus Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Marie Godard ar an duine is óige de cheathrar cailíní. Rinne sí staidéar ar theangacha agus ar litríocht chomhaimseartha agus bhain amach dioplóma léinn choláiste (Diplôme d'études collégiales) in Cégep de Saint-Laurent. Ina dhiaidh sin bhíodh sí ag obair mar aistritheoir i gcomhlacht i Montréal, agus ansin shocraigh sí ar staidéar a dhéanamh ar bhainistíocht i rang oíche in Ollscoil Montréal.

I 1976 bhuail sí le Nicolas Marssac, údar agus ealaíontóir, agus phós sí é i 1981. D’fhág sí a post agus d’éirigh as a cuid staidéir chun an Áise a bhaint amach le Marssac, agus bhí siad ag obair le chéile ann ar feadh cúig bliana déag, i Mainile, i dTóiceo, in Osaka/Kobe agus i mBéising, sular fhill siad ar Québec i 1992. Agus í thar lear d’oibrigh Marie i gnóthaí riaracháin, obair ar lean sí di i Montréal. I 2000 chuaigh sí féin agus Marssac chun na Fraince agus chuir fúthu láimh le Cordes sur Ciel san iardheisceart, taobh tíre ar fáisceadh Marrsac as.

Ina cónaí sa tSeapáin di chaith Marie Godard ceithre bliana ag foghlaim conas cré a mhúnlú i scoil photaireachta i dTóiceo agus rinne ealaín cheirmeach[1] ar feadh breis is fiche bliain. Bhí saotharlann agus siopa ag Marie agus ag Nicolas ar feadh trí bliana in Cordes-sur-Ciel, áit ar thaispeáin siad pictiúir Nicolas agus saothair cheirmeacha Marie. I 2005 chuir siad "Artistes sur ciel" ar bun, cumann ealaíontóirí agus ceardaithe.[2] Orthu sin bhí cairde leo ar phéintéirí, dealbhadóirí agus ceirmeoirí iad. D’fhág Marie an cumann tar éis di éirí as an gceirmeacht.

Ní dheachaigh Marie i mbun pinn go dtí gur fhiafraigh Franck Spengler[3], stiúrthóir eagarthóireachta Éditions Blanche i bPáras,[4], agus an té a chuir an chéad úrscéal de chuid Nicholas Marrsac, "L'arrière-boutique", in eagar,[5] gur fhiafraigh sé di an mbeadh sí sásta a leagan féin d’úrscéal éarótach a scríobh.

Toisc go raibh sí ag obair ag an am sa Théâtre Le Colombier i sráidbhaile Cabannes, láimh le Cordes-sur-Ciel, d’fhan sí go dtí 2011 sular thosaigh sí a céad leabhar.[6]. D’fhoilsigh Éditions Blanche an úrscéal sin, "Échanges virtuels" (Malairtí Fíorúla),[7] i Mí na Samhna 2011. Ghnóthaigh sé duais Évian don chéad úrscéal éarótach (Salon du livre érotique d'Évian) i 2012[8].

I Mí Dheireadh Fómhair 2013 d’fhoilsigh I.S. Édition, foilsitheoir de chuid Marseille,[9] bailiúchán gearrscéalta éarótacha (agus feimineacha) ar theideal dó "Histoires de femmes" (Scéalta Ban).[10] Bhí sé ghearrscéal sa bhailiúchán agus iad ag cur síos ar an saol ón ógantacht go dtí an aois.

Tar éis "Échanges virtuels" d’fhoilsigh I.S. Édition "Cinq jours, quatre nuits" (Cúig Lá, Ceithre Oíche)[11], úrscéal ina ngabhann na pearsana ón bhfíorúlacht go dtí an réaltacht.

D’fhoilsigh I.S. Édition an ceathrú leabhar le Marie Godard, "Soumise, vous avez dit soumise?" (Umhal, deir tú umhal?)[12] ar 21 Márta 2015.

Tá scéalta le Marie Godard le fáil i mbailiúcháin dhifriúla.

Tá ceann de na scéalta úd, 'L'éveil de Laurence' (Dúiseacht Labhrais), foilsithe i mbailiúchán de chuid Éditions Blanche, "Secrets de femmes"[13] i Mí Eanáir 2012. Tháinig scéal eile, 'La loi de l'emmerdement maximum' (Dlí na Cisí is Mó), amach i Mí Iúil 2012 sa bhailiúchán "Les vacances pourries" (An tSaoire Mhillte) (Edicool).[14] D’fhoilsigh La Musardine scéal eile le Marie Godard, 'Regards dans la nuit' (Súile san Oíche), sa bhailiuchán "Osez... 20 histoires de voyeurs et d'exhibitionnistes".[15]

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "Échanges virtuels", Éditions Blanche, 2011 (ISBN = 978-2-8462-8290-1)
  • ‘L'Éveil de Laurence’ in "Secrets de Femmes", Éditions Blanche, 2012 (ISBN 978-2-84628-298-7)
  • ‘La loi de l'emmerdement maximum’ in "Les dix, vacances pourries", Edicool, 2012 (ISBN 978-2-91964-521-3)
  • "Échanges virtuels" agus "L'arrière-boutique", Éditions France-Loisirs, 2012 (ISBN 978-2-298-04935-0)
  • "Histoires de femmes", IS Édition, 2013 (ISBN 978-2-36845-068-0)
  • ‘Regards dans la nuit’ in "Osez... 20 histoires de voyeurs et d'exhibitionnistes", La Musardine, 2013 (ISBN 9 782842 715441)
  • "Cinq jours, quatre nuits", IS Édition, 2014 (ISBN 978-2-36845-076-5)
  • "Soumise, vous avez dit soumise? ", IS Édition 2015 (ISBN 978-2-36845-078-9)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Marie Godard, Clins d'oeil: http://www.marie-godard.com/clins-d-oeil: arna rochtain ar 8 Bealtaine 2015
  2. Huit artistes animent une galerie en commun: http://www.ladepeche.fr/article/2005/06/09/375615-huit-artistes-animent-une-galerie-en-commun.html: arna rochtain ar 25 Bealtaine 2015
  3. {Franck Spengler: https://fr.wikipedia.org/wiki/Franck_Spengler: arna rochtain ar 8 Bealtaine 2015
  4. Éditions Blanche: http://www.hugoetcie.fr/Editions-Blanche Curtha i gcartlann 2015-02-16 ar an Wayback Machine: Hugo et Cie, une maison d'éditeurs: arna rochtain ar 8 Bealtaine 2015
  5. Nicolas Marssac (2002), "L'arrière-boutique", Éditions Blanche, ISBN 2-84628-036-3
  6. Romans érotiques - le meilleur de la littérature érotique: htttp://www.librairie-blanche.com/roman-erotique/echanges-virtuels.htm: Librairie Blanche: arna rochtain ar 8 Bealtaine 2015}}
  7. Marie Godard (2011), "Échanges virtuels", Éditions Blanche, ISBN 9782846282901: http://www.marie-godard.com/extraits/ Curtha i gcartlann 2015-05-28 ar an Wayback Machine
  8. Salon du livre érotique d'Evian - 2012 - Prix Eros Evian: http://litterature-erotique.chocolatcannelle.fr/2012/06/10/salon-du-livre-erotique-devian-2012-prix-eros-evian/ Curtha i gcartlann 2015-05-28 ar an Wayback Machine: arna rochtain ar 8 mai 2015
  9. IS Edition: http://www.is-edition.com/: arna rochtain ar 8 Bealtaine 2015}}
  10. Marie Godard (2013), "Histoires de femmes", I.S. Édition, ISBN 978-2-36845-068-0 (Jardins Secrets)
  11. Marie Godard (2014), "Cinq jours, quatre nuits", I.S. Édition, ISBN 978-2-36845-076-5 (Jardins Secrets)
  12. Marie Godard (2015), "Soumise, vous avez dit soumise?", I.S. Édition, ISBN 978-2-36845-078-9 (Jardins Secrets)
  13. Marie Godard, Françoise Rey, Françoise Simpère, Emma Cavalier, Andrea Luccella (2012), "Secrets de femmes", Éditions Blanche, ISBN 9782846282987
  14. "Les Dix, les Vacances pourries": http://postlucemtenebrae.eu/les-vacances-pourries-en-compagnie-dedicool-et-dun-essaim-dauteurs/ Curtha i gcartlann 2015-05-28 ar an Wayback Machine: La baugue littéraire: arna rochtain ar 8 Bealtaine 2015}}
  15. Marie Godard, Octavie Delvaux, Clarissa Rivière, Chocolat Cannelle (2013), {"Osez 20 histoires de voyeurs et d'exhibitionnistes", La Musardine, ISBN 9-782842-715441

Naisc eachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Suíomh Marie Godard [1]