Charlotte Stoker

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCharlotte Stoker

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1818
Béal Átha Seanaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Márta 1901
82/83 bliana d'aois
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm
St. Michan's Church (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteThornley Stoker, An Chéad Bhairnéad, Bram Stoker Cuir in eagar ar Wikidata

Bean tí agus scéalaí Éireannach ab ea Charlotte Matilda Blake Stoker (née Thornley, 1818–1901).[1] Spreag sí a mhac, Bram Stoker agus údar Dracula, chun dul i mbun pinn.[2]

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Stoker sa bhliain 1818 i mBéal Átha Seanaidh, Contae Dhún na nGall.[1] Bhí athair Stoker Thomas Thornley ina chaptaen sa 43ú Coisithe Éadrom in Arm na Breataine. Chuaigh Thornley isteach i gConstáblacht Ríoga na hÉireann ina dhiaidh sin. Tháinig muintir Thornley ó Shasana ach bhog siad go Béal Átha Seanaidh sna 1780idí.[3] Ba í máthair Stoker Matilda Blake.[3]

Bhí beirt deartháireacha níos óige ag Stoker agus bhog an teaghlach go Sligeach nuair a bhí sí fós óg. Sa bhliain 1832, thit eipidéim chalair amach i Sligeach,[4] in aois 14 bliain do Stoker ag an am.[5]

Phós Stoker in 1844. Bhuail sí lena fear céile Abraham i gCúil Raithin, Contae Dhoire, agus é ar saoire óna phost i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí sé timpeall 20 bliain níos sine ná í. Tháinig a shinsir go hÉirinn le Liam III Shasana. Nuair a phós siad, bhog siad go Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath sular bhog siad go dtí an Corrán i gCluain Tarbh. Bhí seachtar clainne acu: Thornley, Matilda, Abraham (Bram), Tom, Richard, Margaret, agus George (a rugadh sa bhliain 1855).[6]

Chuaigh fear céile Stoker ar scor in 1865 agus é 65 bliana d’aois. Bhog sé go dtí an Fhrainc lena bhean, Matilda agus Margaret i 1872 mar go raibh an costas maireachtála níos ísle ann. D’fhág siad a gcúigear mac, a bhí ag déanamh go maith, Thornley, Richard agus George i gcúrsaí leighis, Bram i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, agus Tom, ag staidéar fós i gColáiste na Tríonóide.[7]

Fuair fear céile Stoker bás ar 12 Deireadh Fómhair 1876 agus cuireadh in Tirana é.[8] D’fhill Stoker ar Bhaile Átha Cliath in 1885. Bhí Bram i Londain ag an am seo agus d’iarr uirthi scríobh chuige faoi na heachtraí i Sligeach i 1832.[9] Bhain Bram úsáid as seo mar fhoinse dá leabhar Dracula.[10]

Fuair Stoker bás i 1901. Bhí sí 83 bliain d'aois agus ag éirí dall.[11] Tá sí curtha i Reilig Chnocán Iaróm.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Charlotte Thornley Stoker” (Béarla). Sligo Walking Tours (21 Deireadh Fómhair 2022).
  2. McGarry, M (2019). "Bram Stroker in Ballymote" (as Bearla) (PDF). The Corran Herald: 82. Ballymote Heritage Group. 
  3. 3.0 3.1 Belford, B (1996). "Bram Stoker: a biography of the author of Dracula." [Bram Stoker: beathaisnéis an údair Dracula] (in Bearla): 21. New York: Alfred A. Knopf. ISBN 0-679-41832-6. OCLC 1148011051. OL OL968151M. Wikidata Q114769307. 
  4. "1832 Sligo cholera outbreak" (as en) (2022-10-22). Wikipedia. 
  5. MCGarry, M. “1832 - Dracula and Sligo's cholera Epidemic” (Bearla). Dáta rochtana: 20 October 2022.
  6. "Belford (1996): 14–21
  7. Belford (1996): 33–34
  8. Tá cuimhneachán d'Abrahám scríofa ar uaigh Stoker i Reilig Chnocán Iaróm.
  9. Belford (1996): 202
  10. Stoker, C. "Bram Stoker Dracula II" (in en): Appendix II: 412–418. Penguin Books. ISBN 978-0-141-93984-6. OCLC 1348172452. OL 10416488M. Wikidata Q114771237. 
  11. Belford (1996): 289