Charles X na Fraince (1757-1836)
Ba é Charles X (9 Deireadh Fómhair 1757 – 6 Samhain 1836) Rí na Fraince agus Navarra ó 1824 anuas go dtí Réabhlóid na Fraince sa bhliain 1830, nuair a d'éirigh sé as an gcoróin.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a cailleadh Louis XVIII sa bhliain 1824, ba é Charles X, deartháir leis (agus deartháir le Louis XVI), a tháinig i gcomharbacht air.
Tugtar Athghairm na mBúrbónach ar an tréimhse 1815-1830 i stair na Fraince. Mar réimeas bhí sí thar a bheith choimeádach.[1]
Nuair a tharla Réabhlóid Iúil sa bhliain 1830, baineadh an choróin de Charles, agus gaireadh gaol eile i bhfad amach uaidh, Louis Philippe, ina rí. Tháinig Louis Philippe I as Ríshliocht Orléans, i gcomharbas ar Charles X (i réim ó 1830 go dtí Réabhlóid na Bliana 1848).
Ba é Charles rí Búrbónach deireanach na Fraince. Bhí air imeacht ar deoraíocht, Sasana ar dtús, ansin Albain agus an Ostair. Fuair sé bás truamhéalach i nGörz ar 6 Samhain 1836 (cuid den Impireacht na hOstaire agus na hUngáire ag an am, inniu san Iodáil).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ forasnagaeilge.ie. "Cabidil 34 - AN EALAÍN, AN PHOLAITÍOCHT AGUS AN RÉABHLÓID". Dáta rochtana: 2021.