Cath Flodden

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath Flodden
War of the League of Cambrai (en) Aistrigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcath
Dáta9 Meán Fómhair 1513
Comhordanáidí55°37′37″N 2°10′31″W / 55.62693°N 2.1753°W / 55.62693; -2.1753
ÁitNorthumberland, Branxton
TírRíocht Shasana
RannpháirtitheRíocht Shasana

Troideadh Cath Flodden ar an 9 Meán Fómhair 1513 le linn Chogadh Léige Chambrai idir Ríocht Shasana agus Ríocht na hAlban, agus mar, thoradh air sin, bhí bua ag na Sasanaigh. Bhí blár an chatha i mBranxton i gcontae Northumberland i dtuaisceart Shasana, agus bhí an Rí Séamas IV i gceannas ar fhórsa ionraidh na nAlbanach agus Thomas Howard, 2ú Diúc Norfolk i gceannas ar arm Shasana.[1] Maidir le huimhreacha na dtrúpaí, ba é an cath ba mhó a troideadh idir an dá ríocht.[2] Maraíodh Séamas IV, sa chath, agus b'shin an monarc deireanach in Éireann agus an Bhreatain Mhór a fuair bás i gcath.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh an choimhlint seo nuair a d'fhógair Séamas IV, Rí na Scot cogadh ar Shasana chun onóir a thabhairt don Seann-chaidreachas leis an bhFrainc trí trúpaí Shasana an Rí Anraí VIII Shasana a sheoladh ar mhalairt treo óna bhfeachtas i gcoinne rí na Fraince Louis XII. Bhí sean créachtaí oscailte ag an Rí Anraí VIII freisin trína éileamh gurbh é ardtiarna na hAlban, a chuir fearg ar hAlbanaigh agus ar a Rí. Ag an am seo, bhí baint ag Sasana mar bhall den " Léig Chaitliceach " i gCogadh Léige Cambrai - ag cosaint na hIodáile agus an Phápa ó na Francaigh (féach na Cogaí Iodálacha).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Remembering Flodden | Map of the Battle".
  2. "The Seventy Greatest Battles of All Time". Published by Thames & Hudson Ltd. 2005. Edited by Jeremy Black. Pages 95 to 97.ISBN 978-0-500-25125-6.