Thomas Howard, 2ú Diúc Norfolk
Ba dhuine uasal agus polaiteoir Sasanach é Thomas Howard, 2ú Diúc Norfolk KG PC (1443 - 21 Bealtaine 1524), nó Iarla Surrey mar a thug sé air féin, ó 1483 go 1485 agus arís ó 1489 go 1514. Ba é an mac ba shine é de John Howard, 1ú Diúc Norfolk, ag a chéad bhean, Catharina de Moleyns. Ba seanathair na Banríona Anne Boleyn agus na Banríona Catherine Howard é an Diúc agus sin-seanathair na Banríona Eilís I. Bí se ar seirbhís do cheithre mhonarc mar shaighdiúir agus mar státaire.
Tosach a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Thomas Howard, 2ú Diúc Norfolk, sa bhliain 1443 ag Stoke-by-Nayland, Suffolk, an t-aon mhac fós beo ag John Howard, 1ú Diúc Norfolk, ag a chéad bhean chéile, Katherine, iníon Sir William Moleyns (a fuair bás 8 Meitheamh 1425) agus a bhean Margery. Fuair sé a chuid oideachais ag Scoil Ghramadaí Thetford.
Seirbhís faoi. Éadbhard IV
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus é ina fhear óg, chuaigh sé isteach i seirbhís an Rí Edward IV mar ghiolla gualainne. Thóg Howard taobh an Rí nuair a thosaigh an cogadh sa bhliain 1469 le Iarla Warwick, agus thóg sé tearmann ag Colchester nuair a theith an Rí go dtí an Ísiltír i 1470. Chuaigh Howard ar ais sna fórsaí ríoga nuair a d'fhill Éadbhard ar ais go Sasana sa bhliain 471, agus gortaíodh go dona é ag Cath Barnet ar an 14 Aibreán 1471. Ceapadh é mar esquire of the bodysa bhliain 1473. Ar an 14 Eanáir 1478 rinne Éadbhard IV ridire de nuair a phós an dara mac an Rí, an Diúc Eabhrac óg, agus an Lady Anne Mowbray (a fuair bás 1481).
Seirbhís faoi Richard III
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |