Calum Heaslip

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCalum Heaslip

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2001
22/23 bliana d'aois
Mallorca, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis

Facebook: Calum-Heaslip-1466866146861703 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí agus giotáraí popcheol í Calum Heaslip Arredondo, a rugadh ar 10 Eanáir 2001 i nGranada, An Spáinn. Rinne sé cuma ar La Voz Kids nuair a bhí sé 12 d'aois.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Calum i Granada, An Spáinn ar an 10 Eanáir 2001. Is Éireannach é a athair agus Spáinneach é a mháthair. Is as Tamhlacht é a athair. Bhog a theaghlach go oileán Mallorca.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

2014: La Voz Kids[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí sé 12 d'aois, chonacthas Calum ar an gcéad sraith de La Voz Kids sa bhliain 2014. Ag na triailacha chan sé "It Will Rain" le Bruno Mars. Phioc sé David Bisbal mar cóitseálaí. Ansin bhí Calum i gcoinne Paula Coria agus Carlos Alfredo Colina. Chan siad "Blame It on the Boogie" le The Jacksons, ach bhuaigh Carlos Alfredo Colina.

2014-16: Hey Babe! agus Staying Alive[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'eisigh Calum a chéad singil "Turn It Up" ar 1 Deireadh Fómhair 2014 agus lean a dara singil "Hey Babe!" ina dhiaidh ar 4 Samhain an bhliain chéanna. D'eisigh sé a chéad albam Hey Babe! ar 17 Feabhra 2015. Tá deich shingil ar an albam, sé i mBéarla agus ceithre i Spáinnise. Tá "Turn It Up" agus "Hey Babe!" ar an albam. Tháinig an leagan Spáinnise amach ar 16 Deireadh Fómhair 2015.

I rith 2015, thaistil Calum tríd An Spáinn ar camchuairt leis an 40 Principals agus Meicsiceo, an áit ina ghlac sé páirt sa Teen's Music Festival, le ealaíontóirí ar nós Sofía Reyes, Alex Hoyer agus Mario Bautista os comhair seacht míle lucht féachana. I rith an bhliain chéanna scríobh sé agus d'fhoilsigh sé leabhar le cuimhní cinn, darbh ainm La nube en la que vivo.

Ag an Neox Fan Awards 2015, ainmníodh Hey Babe don ghradam cnagshingil na bliana agus bhuaigh sé an ghradam ealaíontóir nua na bliana.[1][2]

Deisigh Calum a chéad singil as a dara halbam "Saturday Night" ar 2016. D'eisigh Calum a dara halbam Staying Alive ar 29 Aibreán, 2016. Tá aon singil déag ar an albam, ocht i mBéarla agus trí i Spáinnise. Tháinig an leagan Spáinnise amach ar 3 Feabhra 2017.

2017-: Tríú albam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Calum cuma ar The Late Late Show ar 31 Márta 2017 ag canadh "Hey Babe!". D'fhógair sé air go bhfuil sé ar obair ar albam nua a bheidh amach ag deireadh na bliana. D'eisigh sé a thríú albam 47 days ar an 8 Nollaig 2017.

Diosclioata[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim stiúideo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liosta albaim stúideo
Albam Eolas
Hey Babe!
Staying Alive
47 Days

Singlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liosta singlí
Bliain Amhrán Albam
2014 "Turn It Up" Hey Babe!
"Hey Babe!"
2015 "Contigo"
"La Nube En La Que Vivo"
2016 "Saturday Night" Staying Alive
2017 "Staying Alive"
"Feel It"
"Alone" 47 Days

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]