Caife Gaelach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DeochCaife Gaelach
CineálIBA official cocktail (en) Aistrigh
Comhábhair
Irish whiskey (en) Aistrigh (4 cl)
caife (9 cl)
uachtar (3 cl)
brown sugar (en) Aistrigh (1 teaspoon (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Cupán moltagloine caife Gaelach
Cuir in eagar ar Wikidata

Is manglam é Caife Gaelach, le uisce beatha, caife, siúcra agus uachtar.

I dTamhlacht, sa Chaifé Aon Scéal, bíonn An Mocha Coinníollach ar an mbiachlár.[1]

Oideas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Conas caife Gaelach a dhéanamh?[2]

Comhábhair 25ml Uisce Beatha na hÉireann; spúnóg bhoird siúcra; uachtar agus espresso dúbailte te le braon beag uisce te leis an ghloine a líonadh

1. Tóg gloiní téite caife agus cuir isteach an t-uisce beatha

2. Cuir an siúcra isteach le tuaslagadh san uisce beatha

3. Cuir isteach an caife agus corraigh go maith.

4. Buail an t-uachtar go héadrom ach déan cinnte gur féidir é a dhoirteadh.

5. Déantar an t-uachtar buailte a dhoirteadh go cúramach thar droim spúnóige a choinnítear ar dtús díreach os cionn dromchla an chaife agus a ardaítear go réidh agus tú ag doirteadh, is ceart don uachtar snámh ar barr.

6. Dáil agus bain taitneamh as an deoch

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

calafort Fhainge, Contae Luimnigh

D'fhás an aerthrácht trasatlantach sna 1930idí[3] agus le linn an chogaidh agus ba é cósta thiar na hÉireann an áit Eorpach ba chóngaraí do Mheiriceá Thuaidh. Thuirling na báid eitilte idir Sasana agus SAM i bhFaing. Chum cócaire i gcalafort Fhainge, Contae Luimnigh, an chéad oideas do chaife Gaelach. Bhíodh eitleáin ag tuirlingt i gcalafort Fhainge le líonadh le breosla roimh dhul trasna an Atlantaigh ón Eoraip (níos déanaí, tógadh Aerfort Idirnáisiúnta na Sionainne ina áit). Theastaigh ó Sheosamh Ó Sireadáin (Joseph Sheridan), an cócaire a bhí i gceist, na paisinéirí a choinneáil te agus an breosla á chur san eitleán. Cumadh an caife Gaelach nuair a thuirling scata paisinéirí ó bhád aeir de chuid Pan Am tráthnóna fuar geimhridh sa bhliain 1942, 1943[4] nó 1944.[5] Chuir Sheridan uisce beatha sa chaife leis na paisinéirí a théamh.

Bhí Caife Gaelach le fáil don chéad uair sna Stáit Aontaithe, is cosúil, ar 10 Samhain 1952 sa Buena Vista Café,[6] i Fisherman's Wharf, San Francisco.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Caifé Gaelach set to create new cultural hub in village" (en-gb). www.echo.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-17. Dáta rochtana: 2020-11-10.
  2. goodfoodireland.ie. "Caife Gaelach" (ga). www.goodfoodireland.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-10. Dáta rochtana: 2020-11-10.
  3. "The Flying Boats of Foynes". History Ireland (2013-02-11). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-11. Dáta rochtana: 2020-11-10.
  4. "Foynes Flying Boat Museum". web.archive.org (2011-01-22). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-01-22. Dáta rochtana: 2020-11-10.
  5. Cheryl Charming (2018-11-15). "The Cocktail Companion: A Guide to Cocktail History, Culture, Trivia and Favorite Drinks" (as en). Mango Media Inc.. 
  6. "Buena Vista Cafe" (as en) (2020-10-19). Wikipedia. 
  7. "Fisherman's Wharf, San Francisco" (as en) (2020-06-23). Wikipedia.