Caidreamh Sín-Téaváin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Postaer, 1958 i nDaonphoblacht na Síne

Is cúis mhór teannais an caidreamh Sín-Téaváin ó 1949, Breathnaíonn na Sínigh, nó Daon-Phoblacht na Síne, ar an Téaváin mar chuid de mhórchríoch na Síne agus táthar imníoch go bhfuil rún acu an t-oileán a fhorghabháil.[1]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é is cúis leis an "neamhspleáchas" de facto atá ag an Téaváin inniu ná gur éalaigh cinnirí Pháirtí Náisiúnta na Síne, nó Guomindang, ón mórthír go dtí an Téaváin; fuair na Cumannaigh an lámh in uachtar ar an mórthír, agus b'éigean do Chiang Kai-shek agus lucht a leanúna glanadh leo go dtí an Téaváin sa bhliain 1949. Tá an scéal gan réiteach fós.

Cosaint na Téaváine, póstaer, 1952

Maidir le rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne ar an mórthír, is é a dtuiscint ar an scéal inniu nach bhfuil sa Téaváin ach cúige de chuid na Síne agus níl ann ach treascairt rialtais ag lucht ceannairce.

Tá stádas na tíre ina chnámh mhór spairne i bpolaitíocht na Téaváine inniu, cé acu ba chóir don oileán... caidreamh níos fearr le Daonphhoblacht na Síne (comhréiteach nó 'géilleadh') nó poblacht neamhspleách ar leith a fhógairt os ard.

Dá bhfógródh an Téaváin neamhspleáchas mar Phoblacht na Téaváine, thabharfadh arm na Síne Cumannaí ionsaí ar an oileán ar an toirt, tuairim a chuireann eagla an domhain ar mhuintir na Téaváine.

Cosaint na Stát Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2021, dúirt Joe Biden go ndéanfaidh Stáit Aontaithe Mheiriceá an Téaváin a chosaint i gcás ionsaí ón tSín.[2] Tá dlí i bhfeidhm a deir go bhfuil ar Stáit Aontaithe Mheiriceá an Têaváin a chosaint ach níl aon sonraí i gceist maidir le céard a dhéanfaí i gcás ionsaithe. Tá na Stáit Aontaithe ag iarraidh cloí le polasaí ar a dtugtar "éiginnteacht straitéiseach".

Uachtarán na Téaváine Tsai Ing-wen

2022ː Cuairt Pelosi[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Lúnasa 2022, tháinig Nancy Pelosi, Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe chuig an Téaváin, ar an bpolaiteoir Meiriceánach is sinsearaí le cuairt a thabhairt ar an Téaváin le fada an lá, agus d'ainneoin an fholáirimh a bhí tugtha ag Rialtas na Síne di gan cos a leagan ar an oileán.[3]

I gcruinniú a bhí aici le hUachtarán na Téaváine Tsai Ing-wen, mhaígh Pelosi go bhfuil an Téaváin ar cheann de na sochaithe is saoire ar domhan agus gheall sí nach loicfeadh na Stáit Aontaithe ar an tír go brách. Dúirt Pelosi go bhfuil deis ann an comhar eacnamaíochta idir na Stáit Aontaithe agus an Téaváin a neartú i bhfianaise reachtaíochta nua i Washington.[3]

Mar fhreagra, scaoil fórsaí míleata na Síne diúracáin bhalaistíocha sna huiscí thart ar an Téaváin.[1] Bhí longa míleata an dá thír ar aghaidh a chéile amach i gCaolas na Téaváine agus bhí folach bíog á dhéanamh ag scairdeitleáin an dá thaobh ar a chéile chomh maith.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-08-04). "Diúracáin scaoilte ag fórsaí na Síne i gCaolas na Téaváine" (as ga-IE). 
  2. Conradh na Gaeilge, London (2021). "23 Deireadh Fómhair 2021 (Tiobraid Árann) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-02-15.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2022-08-03). "Cuairt Nancy Pelosi ar an Téaváin cáinte ag an tSín" (as ga-IE).