Cú Choigríche Ó Duibhgeannáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCú Choigríche Ó Duibhgeannáin
Gníomhaíocht
Gairmstaraí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Staraí agus annálaí Éireannach ba ea Cú Choigríche Ó Duibhgeannáin (beo 1627–1636).

Tugadh an t-ainm Cú Choigríche mac Tuathal Ó Duibhgeannáin dó nuair a rugadh é, timpeall na bliana 1590. Tugadh an t-ainm as Laidin dó, Pereginus, nuair a ghabh sé ord beannaithe leis na Proinsiasaigh ag Leuven sa Bheilg anois. Staraithe gairmiúla as An Anaíle ó dhúchas ba ea a mhuintir, clann Uí Dhuibhgeannáin, a tháinig go leor acu trasna na Sionainne chun a gceird a cleachtadh i gcúige Chonnacht. Bhunaigh Uí Dhuibhgeannain coláiste bard at Cill Rónáin, gar de Loch Cé i dtuaisceart Chontae Ros Comáin.

Níltear ar an eolas faoina eachtraí sular thosaigh sé ag obair le Cú Choigríche Ó Cléirigh agus Fearfeasa Ó Maoilchonaire faoi threoir Mícheál Ó Cléirigh timpeall na bliana 1627, nuair a cuireadh é siúd go hÉirinn chun ábhar litríochta, stairiúil agus annálach a bhailiú sula gcaillfeadh é. Tiomsaíodh na hábhair seo i gcnuasaigh éagsúla, an ceann is mó le rá ná Annála na gCeithre Máistrí.

Níl aon eolas ann faoi bheatha Uí Dhuibhgeannáin tar éis na bliana 1636 nuair a críochnaíodh na hannála. Is dócha go ndeachaigh sé ar ais go Leuven ach b'fhéidir é gur fhan sé in Éirinn (bhí cóip desna hannála á úsáid ag Dubhaltach Mac Firbhisigh go déanach sna 1640í). Bhí gaol leis, Daibhidh Ó Duibhgheannáin, ina chónaí i gConamara chomh luath is 1651, ach d'fhéadfadh sé gur comhtharlú é seo.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "The Learned Family of O Duigenan", Fr. Paul Walsh, Irish Ecclesiastical Record, 1921
  • "The Four Masters" (I & II, 1932 & 1934), Fr. Paul Walsh, Irish Leaders & Learning Through the Ages, Four Courts Press, Dublin, 2004, ISBN 1-85182-543-6
  • O Duibhgeannain, Cu Choigcriche (O'Duigenan, Peregrine), pp. 435–36, Dictionary of Irish Biography from the Earliest Times to the Year 2002, Cambridge, 2010.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]