Cónasc (réalteolaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhchuingiú

Sa réalteolaíocht, is éard is cónasc[1][2] ann ná ailíniú dhá rinn neamhaí mar a fheictear iad ón Domhan (mar shampla, pláinéad leis an nGrian). Bíonn na pláinéid lasmuigh, atá níos faide amach ón nGrian ná muid, i gcónasc nuair a luíonn siad díreach taobh thiar den Ghrian. Bíonn dhá shaghas cónaisc ag Mearcair is Véineas, na pláinéid atá níos gaire don Ghrian ná muid. Bíonn siad i gcónasc íochtair[3] nuair a luíonn idir an Domhan is an Ghrian, agus i gcónasc uachtair[4] nuair a luíonn díreach taobh thiar den Ghrian. I ngach cás, tarlaíonn an cónasc ag an nóiméad a bhíonn an dá rinn ag an domhanfhad neamhaí céanna.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag., ed. (2020). "conjunction — Aistriúchán Gaeilge ar conjunction (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)". Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-0320034510. Aisghafa 2023-08-20.
  2. ""conjunction" | téarma.ie". Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Aisghafa 2023-08-20.
  3. ""inferior conjunction" | téarma.ie". Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Aisghafa 2023-08-20.
  4. ""superior conjunction" | téarma.ie". Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Aisghafa 2023-08-20.
  5. Hussey, Matt (2011). "Comhchuingiú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 163.