Jump to content

Cíteasol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtCíteasol
Cuid decíteaplasma
Aitheantóirí
MeSHD003600
THH1.00.01.0.00008
FMA66836 : il-aiseach – ordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/cytosol
Téarmaíocht anatamaíoch
Scéimléaráid de chill ainmhí agus a chuid codanna: 1. Núiclín 2. Núicléas 3. Ribeasóm 4. Saicín 5.Líontán ionphlasmach garbh 6. Coirpín Golgi (nó Coimpléasc Golgi) 7. Cítichreatlach 8. Líontán ionphlasmach mín 9. Miteacoindre 10. Folúisín 11. Cíteasol 12. Líseasóm 13. Ceintreasóm

Sreabhán taobh istigh de chealla bitheolaíocha is ea cíteasol, ar a dtugtar freisin máithreac chíteaplasmach. I nduine fásta bíonn timpeall 28 lítear de. Ní hionann a chomhdhéanamh i ngach fíochán, mar braitheann sé sin ar fheidhmeanna ar leith na bhfíochán. Chomh maith le huisce, is iad a phríomhchomhábhair ná iain photaisiam, fosfáití orgánacha, is próitéiní. Bíonn sé roinnte ina urranna, ar leith ag scannáin. Mar shampla, scarann an mhaitrís mhiteacoindreach an mhiteacoindre i go leor urrann. Sa chill eocarótach, tá an cíteasol laistigh den chillscannán agus tá sé mar chuid den chíteaplasma, a chuimsíonn freisin na miteacoindrí, plastaidí, agus orgánaidí eile (ach ní a sreabháin inmheánacha agus a struchtúir); tá an núicléas cilleléi féin. Dá bhrí sin, maitrís leachtach timpeall na n-orgánaidí is ea an cíteasol. Sna prócaróit, cuirtear an chuid is mó de na himoibrithe meitibileacha ceimiceacha ar siúl sa chíteasol, fad a tharlaíonn beagán díobh sna scannáin, nó sa spás peireaphlasmach. Sna heocaróit, cé go mbíonn go leor bealaí meitibileacha fós ann sa chíteasol, tarlaíonn cinn eile taobh istigh de na horgánaidí.

Meascán casta de shubstaintí tuaslagtha in uisce is ea cíteasol. Cé gurb é an t-uisce tromlach mór an chíteasoil, níl tuiscint maith ar a struchtúr ná ar a n-airíonna laistigh de na cealla. Tá tiúchan na n-ian, mar shampla sóidiam agus potaisiam, difriúil sa chíteasol ná mar atá sa sreabhán eachtarcheallach; tá na difríochtaí seo i leibhéil na n-ianian tábhachtach i bpróisis mar osmairialú, comharthaíocht na gceall, agus giniúint poitéinsil gníomhaithe i gcealla sochorraithe, mar shampla cealla inchríneacha, néarógacha agus matánacha. Tá méideanna móra macramóilíní sa chíteasol freisin, rud a d'fhéadfadh athrú a dhéanamh ar an gcaoi a n-iompraíonn móilíní trí phlódú macramóilíneach.

Thug H. A. Lardy an téarma "cytosol" (Gaeilge: cíteasol) isteach sa Bhéarla don chéad uair sa bhliain 1965, agus é ag tagairt i dtosach don leacht a tháirgtear trí chealla a bhriseadh óna chéile agus millíní a dhéanamh de na comhpháirteanna dothuaslagtha go léir trí ultralártheifneoiriú.[1][2] Níl a leithéid d'intuaslagtha comhionann le hintuaslagtha na cillechíteaplasma agus de ghnáth tugtar codán cíteaplasmach.[3]

Anois. úsáidtear an téarma 'cíteasol' chun tagairt a dhéanamh don phas leachtach an chíteaplasma san chill shlán.[3] Ní chuimsíonn sé seo aon chuid den chítoplasma atá laistigh de na horgánaidí.[4] Mar gheall ar an bhféidearthacht go mbeadh mearbhall idir an focal "cíteasol" a úsáid chun tagairt a dhéanamh d'eastóc na gceall maille leis an chuid intuaslagtha den chítoplasma i gcealla slán, baineadh úsáid as an abairt "cítoplasma uiscí" chun cur síos a dhéanamh ar ábhar leachtach an chítoplasma i gcealla beo. [3] Roimhe seo, baineadh úsáid as téarmaí eile le haghaidh sreabháin na cille, ní i gcónaí go comhchiallach, mar ní raibh a nádúr an-soiléir (féach Prótaplasma).[5][2]

  1. ↑ Lardy, H. A. 1965. On the direction of pyridine nucleotide oxidation-reduction reactions in gluconeogenesis and lipogenesis. In: Control of energy metabolism, edited by B. Chance, R. Estabrook, and J. R. Williamson. New York: Academic, 1965, p. 245, .
  2. 1 2 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named "Clegg1984".
  3. 1 2 "{{{title}}}" (2006). Oxford [Oxfordshire]: Oxford University Press. OCLC 225587597.
  4. ↑ Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named "Lodish".
  5. ↑ Hussey, Matt (2011). "Sreabhán incheallach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 622.