Sreabhán eachtarcheallach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtSreabhán eachtarcheallach
Aitheantóirí
MeSHD045604
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/extracellular-fluid
Téarmaíocht anatamaíoch


Sreabhán a thimpeallaíonn cealla na colainne is ea sreabhán eachtarcheallach (ECF i mBéarla). I nduine fástá bíonn timpeall 14 lítear de ann, agus cuimsíonn sé plasma na fola, sreabhán scáineach na bhfíochán, is sreabháin thrascheallacha. Chomh maith le huisce, is iad na príomhchomhábhair ann ná iain sóidiam, clóiríde is décharbónáite, agus próitéiní. Thug an fiseolaí Francach Claude Bernard (1813-1878) an coincheap isteach go raibh cealla na colainne á gcosaint, ó chomhshaol seachtrach a bhí ag síorathrú is go minic naimhdeach, ag a comhshaol inmheánach féin, sreabhán de thoirt is comhdhéanamh tairiseach. Bíodh is go bhfuil a fhios againn anois go n-athraíonn an sreabhán eachtarcheallach, meastar go bhfuil an coincheap seo oiriúnach fós, ach taobh istigh de theorainneacha cúnga.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sreabhán eachtarcheallach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 622.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]