Béite-mheath
Cuma
Próiseas meata nádúrtha radaighníomhaigh ina ndíscaoileann neodrón i núicléas an adaimh go spontáineach ina phrótón, a fhanann sa núicléas, is ina leictreon (an béite-cháithnín), a astaítear as an adamh. Bíonn an fórsa núicléach lag taobh thiar de. Tarlaíonn astú frithneoidríonó ag an am céanna i gcónaí. Mar shampla, is béite-astaíre é stróintiam-90 le leathré 28.1 bliain.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Béite-mheath". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 70.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |