Buamáil na Cásca i Srí Lanca, 2019

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil na Cásca i Srí Lanca, 2019
Íomhá
Map
 6°56′N 79°52′E / 6.93°N 79.87°E / 6.93; 79.87
Cineálionsaí buamála
dúnmharú líonmhar Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deterrorism in Sri Lanka (en) Aistrigh, sceimhlitheoireacht Ioslamach agus persecution of Christians (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana21 Aibreán 2019 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhNegombo, Srí Lanca
Batticaloa, Srí Lanca (en) Aistrigh
Colombo, Srí Lanca Cuir in eagar ar Wikidata
TírSrí Lanca Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocSt. Anthony's Shrine, Kochchikade (en) Aistrigh, St. Sebastian’s Church (en) Aistrigh, Zion Church, Batticaloa (en) Aistrigh, The Tropical Inn Hotel (en) Aistrigh, Shangri-La Hotel (en) Aistrigh, Cinnamon Grand Colombo (en) Aistrigh agus The Kingsbury (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna269 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe íosmhéid 500 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireNational Thowheeth Jama'ath (en) Aistrigh (eagraíocht sceimhlitheoireachta) Cuir in eagar ar Wikidata
Armbuama Cuir in eagar ar Wikidata


Tharla Buamáil na Cásca i Srí Lanca ar an 21 Aibreán 2019; maraíodh 310 duine agus gortaíodh 500 duine eile. in ionsaithe buamála ar Dhomhnach Cásca sa bpríomhchathair Colombo.[1]

Fuil ar an "Statue of Risen Jesus", St. Sebastian's Church, Katuwapitiya.

Pléascadh 8 gcinn de bhuamaí i 3 óstán agus 3 shéipéal Caitliceach, formhór an áir tarlaithe.[2] Buamálaí féin-mharfacha ba chúis le cuid den sléacht. Chuir naonúr lámh ina mbás fhéin.[3] Chuir duine acu siúd den tsaol é féin sa scuaine don bhricfeasta i gceann de na hóstáin.  

Fritheadh buama eile ar maidin 21 Aibreán ag aerfort na príomhcathrach agus baineadh an dochar as.

Seasann an lá seo mar cheann de na laethanta ab fhuiltí i stair nua-aimseartha na tíre.

dlúthpháirtíocht le muintir Sri Lanca

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ionsaíodh pobal beag Críostaithe na tíre cheana, tuairim is 6% den daonra 21 milliún.

Bhí cáipéisí faighte ag an áisíneacht iriseoireachta AFP a léiríonn gur eisigh Ceannasaí na bPóilíní, Pujuth Jayasundara, foláireamh timpeall 10 Aibreán go raibh faisnéis acu go raibh "lucht buamála féin-mharfacha ag breithniú ionsaithe ar shéipéil mhór le rá."

Milleán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir an rialtas an milleán ar antoiscigh Ioslamacha as na hionsaithe. Bhí sé ráite ag an am ag an ngrúpa Stát Ioslamach gurb iad a rinne na hionsaithe, ach ní raibh aon fhianaise ann le tacú leis  an méid atáthar a mhaíomh. Dúirt na póilíní go raibh an "National Thowheeth Jama'ath" (NTJ) fregrach as, grúpa áitiúil.

Dúirt Rialtas Srí Lanca ag an am gur mar dhíoltas ar an slad a rinneadh ar an bpobal Moslamach in dhá mhosc i Christchurch sa Nua-Shéalainn i mí an Mhárta 2019 a tugadh faoi na hionsaithe i gColombo.[1]

St. Anthony's Shrine, Kochchikade

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Nuact RTÉ (2019-04-23). ""Díoltas a spreag na hionsaithe i Srí Lanca"" (as ga). 
  2. "290 maraithe anois ag buamaí i Srí Lanca" (as ga) (2019-04-22). 
  3. Nuacht RTÉ (2019-04-24). "Atheagar le déanamh ar chúrsaí slándála i Srí Lanca" (as ga).