Colombo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Radharc ar Colombo

Is é Colombo an chathair is mó i Srí Lanca, tír oileánda san Áise Theas. Tá Colombo lámh le Sri Jayawardenepura Kotte, príomhchathair oifigiúil na tíre, agus áirítear é mar fobhaile de Cholombo. Is é Colombo lár trádálach, airgeadais agus cultúrtha Shrí Lanca. Tá calafort tábhachtach ann. Sa bhliain 2005 bhí 752,993 duine ina gcónaí sa chathair féin agus 5.6 milliún i mórcheantar na cathrach.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Mar gheall ar an gcalafort breá nádúrtha, d'fhás lonnaíocht ann fada siar. Bhí eolas ag na trádálaithe agus daoine eile ar Cholombo 2,000 bliain ó shin, ón Róimh go dtí an tSín. Bhí Colombo ina phríomhchathair ag na tíortha coilíneacha ag tosnú sna 1700idí faoi na Portaingéiligh, a raibh cuid de chósta thiar an oileáin faoina smacht. Choimeád na hOllannaigh an phríomhchathair in Colombo nuair a ghlac siad seilbh ar choilíneacht na bPortaingéalach. Rinne na Briotanaigh an rud céanna nuair a chuir siad an tír faoina smacht sa bhliain 1815. Mhair an stádas mar phríomhchathair faoin rialtas neamhspleách go dtí an bhliain 1982.

Halla Chomhairle Chathrach Cholombo
Teampall Gangarama i gceantar uirbeach Cholombo

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]