Bréagnuacht
Is éard atá i gceist leis an mbréagnuacht (nó bréagaisnéis, nuacht bhréige nó fiú ‘bobnuacht’,[1] Béarla: 'fake news') -- ná iarracht a dhéantar de bhun tola chun eolas míchruinn, nó bréageolas fiú, a scaipeadh. De ghnáth, baineann lucht na bréagnuachta úsáid as ceannlínte tarraingteacha agus scéalta nuachta bréagacha chun daoine a spreagadh chun na scéalta sin a roinnt ar líne.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]"Sin é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh, mar ní mise a chum ná a cheap é", a deireadh na scéalaithe in Éirinn fadó. Bhí ar an lucht éisteachta a n-intinn féin a dhéanamh suas maidir lena chruinneas.
Tá fhios againn go raibh an bhréagaisnéis go mór in úsáid ag na Naitsithe, a thug go dtí hardleibhéal díobhála agus oilc é.[2] Cúpla bliain níos déanaí, sna tíortha cumannacha, bhí na hintinní á líonadh le bolscaireacht.
Sna 2010idi, tháinig coincheap na bréagnuachta chun cinn arís agus tús á chur le seal an Uachtaráin Donald Trump sa Teach Bán sa bhliain 2017. Tháinig an coincheap i mbéal tar éis do Kellyanne Conway, comhairleoir speisialta do Trump, trácht a dhéanamh ar "fhiricí malartacha" (Béarla: “alternative facts”) agus ise ag maíomh faoi slua ollmhór, mar dhea, ag insealbhú Trump ar an 20 Eanáir 2017.
Eolas
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'oiriúnaigh Leabharlann COBÁC a dtreoir úsáideach, a mhíníonn cad is nuacht bhréige ann, na rudaí a d'fhéadfadh taobh thiar di agus roinnt bealaí chun í a aithint, chun í a cheangal leis na dúshláin ar leith a bhaineann le paindéim COVID-19 agus an mhífhaisnéis is an bhréagaisnéis a chuirtear amach maidir léi.[3]
Moltar (ar bemediasmart.ie nó FactCheck.org mar shampla) do dhaoine scéalta nuachta a mheá de réir na dtreoracha seo a leanas:[4]
- STOPː Ná bí ag brath ar cheannlíne
- SMAOINIGHː Breathnaigh ar stíl an scéil, agus cuardaigh an scéal céanna in áiteanna eile
- DEIMHNIGHː Breathnaigh go cúramach ar na foinsí
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2024, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, “Chomh fada is atá an daonlathas féin ann, tá na hiarrachtaí seo ar bun vótóirí a chur dá mbuille, a n-intinn a athrú agus mearbhall a chur orthu, ach is ag éirí níos casta agus níos sofaisticiúla atá na seifteanna a mbaintear leas astu. An mana ba cheart a bheith againn ná a bheith cúramach i gcónaí agus ní mór don uile dhuine sin obair an tseiceálaí fíricí a dhéanamh dúinn féin.”[5]
Mar sin ba chóir go mbeadh an t-amhras céanna ar dhaoine faoi chúrsaí nuachta gach lá is bhíonn orthu ar an 1 Aibreáin nuair a chuirtear scéalta bréige amach ar mhaithe leis an gcraic. Na ceisteanna a chur orainn féin:
- Cé atá á insint seo dom?
- Conas go bhfuil a fhios agam go bhfuil seo fíor?, agus
- An bhfuil foinsí iontaofa eile ann?[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "bobnuacht", aistriúchán atá molta ag an iriseoir Pól Ó Muirí Tuairisc, 30 Eanáir 2017 agus "Bréagnuacht", molta ag tearma.ie
- ↑ Seán Ó Loingsigh (2019). "Bréagnuacht agus araile (Feasta - Smaointe Polaitíochta)". www.feasta.ie. Dáta rochtana: 2021-03-13.[nasc briste go buan]
- ↑ James Molloy. "LibGuides: Evaluating Information: Fake News and COVID-19" (en). libguides.ucd.ie. Dáta rochtana: 2021-03-13.
- ↑ Cathal Mac Coille (2018). "Más maith is mithid – acmhainn nua chun dul i ngleic leis an mbréagnuacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-14.
- ↑ 5.0 5.1 "‘Caith le gach scéal nuachta amhail is gur Lá na nAmadán atá againn’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-23). Dáta rochtana: 2024-02-24.