Jump to content

Bréagnuacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist leis an mbréagnuacht (nó bréagaisnéis, nuacht bhréige nó fiú ‘bobnuacht’,[1] Béarla: 'fake news') -- ná iarracht a dhéantar de bhun tola chun eolas míchruinn, nó bréageolas fiú, a scaipeadh. De ghnáth, baineann lucht na bréagnuachta úsáid as ceannlínte tarraingteacha agus scéalta nuachta bréagacha chun daoine a spreagadh chun na scéalta sin a roinnt ar líne.

Bunléaráid le Frederick Burr Opper sa bhliain 1894, SAM
Agóid, Los Angeles, Eanáir 2017

"Sin é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh, mar ní mise a chum ná a cheap é", a deireadh na scéalaithe in Éirinn fadó. Bhí ar an lucht éisteachta a n-intinn féin a dhéanamh suas maidir lena chruinneas.

Tá fhios againn go raibh an bhréagaisnéis go mór in úsáid ag na Naitsithe, a thug go dtí hardleibhéal díobhála agus oilc é.[2] Cúpla bliain níos déanaí, sna tíortha cumannacha, bhí na hintinní á líonadh le bolscaireacht.

alt FactCheck.org (2016) "How to Spot Fake News"

Sna 2010idi, tháinig coincheap na bréagnuachta chun cinn arís agus tús á chur le seal an Uachtaráin Donald Trump sa Teach Bán sa bhliain 2017. Tháinig an coincheap i mbéal tar éis do Kellyanne Conway, comhairleoir speisialta do Trump, trácht a dhéanamh ar "fhiricí malartacha" (Béarla: “alternative facts”) agus ise ag maíomh faoi slua ollmhór, mar dhea, ag insealbhú Trump ar an 20 Eanáir 2017.

D'oiriúnaigh Leabharlann COBÁC a dtreoir úsáideach, a mhíníonn cad is nuacht bhréige ann, na rudaí a d'fhéadfadh taobh thiar di agus roinnt bealaí chun í a aithint, chun í a cheangal leis na dúshláin ar leith a bhaineann le paindéim COVID-19 agus an mhífhaisnéis is an bhréagaisnéis a chuirtear amach maidir léi.[3]

Moltar (ar bemediasmart.ieFactCheck.org mar shampla) do dhaoine scéalta nuachta a mheá de réir na dtreoracha seo a leanas:[4]

  • STOP: Ná bí ag brath ar cheannlíne
  • SMAOINIGH: Breathnaigh ar stíl an scéil, agus cuardaigh an scéal céanna in áiteanna eile
  • DEIMHNIGH: Breathnaigh go cúramach ar na foinsí
"The Conspiracy Theory Handbook", George Mason University

Cuireann an bréagnuacht i gcuimhne dúinn: aon uair atá muid ag léamh nuachta ar líne, caithfidh muid an cheist a chur orainn féin: 'cé a scríobh an scéal seo agus cén fáth ar scríobh siad é?[5]

In 2024, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, “Chomh fada is atá an daonlathas féin ann, tá na hiarrachtaí seo ar bun vótóirí a chur dá mbuille, a n-intinn a athrú agus mearbhall a chur orthu, ach is ag éirí níos casta agus níos sofaisticiúla atá na seifteanna a mbaintear leas astu. An mana ba cheart a bheith againn ná a bheith cúramach i gcónaí agus ní mór don uile dhuine sin obair an tseiceálaí fíricí a dhéanamh dúinn féin.”[6]

Mar sin ba chóir go mbeadh an t-amhras céanna ar dhaoine faoi chúrsaí nuachta gach lá is bhíonn orthu ar an 1 Aibreáin nuair a chuirtear scéalta bréige amach ar mhaithe leis an gcraic. Na ceisteanna a chur orainn féin:

  • Cé atá á insint seo dom?
  • Conas go bhfuil a fhios agam go bhfuil seo fíor?, agus
  • An bhfuil foinsí iontaofa eile ann?[6]

De réir Thuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2026 a d’fhoilsigh Coimisiún na Meán, bhí muintir na hÉireann ag seachaint na nuachta níos mó ná riamh agus laghdú suntasach tagtha ar an muinín atá acu inti. Fuarthas amach go raibh 47% de mhuintir na hÉireann ag déanamh iarrachta an nuacht a sheachaint, an leibhéal is airde riamh a taifeadadh sa staidéar.

Léirigh an tuarascáil go ndeir 42% de dhaoine in Éirinn go mbíonn muinín acu as an nuacht formhór an ama. Mar sin féin, bhí leibhéal na muiníne níos airde ná mar a bhí sa Ríocht Aontaithe (31%), sna Stáit Aontaithe (26%) agus ar mhór-roinn na hEorpa (36%). In ainneoin an mheatha sa mhuinín ghinearálta, bhí muinín láidir fós ag an bpobal as mórbhrandaí nuachta. Bhí muinín ag 69% as The Irish Times agus ag 68% as The Irish Independent.[7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "bobnuacht", aistriúchán atá molta ag an iriseoir Pól Ó Muirí Tuairisc, 30 Eanáir 2017 agus "Bréagnuacht", molta ag tearma.ie
  2. Seán Ó Loingsigh (2019). "Bréagnuacht agus araile (Feasta - Smaointe Polaitíochta)". www.feasta.ie. Dáta rochtana: 2021-03-13.[nasc briste go buan]
  3. James Molloy. "LibGuides: Evaluating Information: Fake News and COVID-19" (en). libguides.ucd.ie. Dáta rochtana: 2021-03-13.
  4. Cathal Mac Coille (2018). "Más maith is mithid – acmhainn nua chun dul i ngleic leis an mbréagnuacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-14.
  5. Caoimhe Ní Laighin / Nuacht RTÉ (2025-10-21). "Leathanach Facebook Gaeilge á rith ag Páirtí Cumannach na Síne!" (as ga-IE).
  6. 1 2 "‘Caith le gach scéal nuachta amhail is gur Lá na nAmadán atá againn’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-23). Dáta rochtana: 2024-02-24.
  7. Eagarthóir (2026-06-19). "Muinín sa nuacht ag titim agus seachaint ag méadú, dar le tuarascáil nua" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-06-21.