Briotais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is briotais[1] (nó an diamhrachas[2]) ann ná staidéar ar rudaí atá "folaithe", rúndiamhair nó neamhshaolta. Is é an tuiscint atá ag an mbriotaiseoir ar an saol ná go bhfuil an fhírinne folaithe ó shúil an duine, agus go gcaithfidh sé teacht ar an bhfírinne fholaithe sin. Bíonn na briotaiseoirí ag plé le piseoga agus le horthaí, chomh maith leis na reiligiúin éagsúla - go háirithe le reiligiúin mhisteacha ar nós an Ghnóiseachais - ach ní gnách dearcadh ar na reiligiúin mhóra dhomhanda, cosúil leis an gCríostaíocht, leis an Ioslam nó leis an Hiondúchas, mar shampla - mar "bhriotais". Is féidir ciall briotaise a bhaint as reiligiúin den tsórt seo, ach is gnách leis an gcléir cheartchreidmheach dímheas a bheith acu ar chiallúcháin den chineál seo. Mar shampla, ní bhíonn scoláirí reiligiúnda an Ghiúdachais sásta ar aon nós leis an dóigh a bhfuil an Cabála, nó an leagan briotaisiúil den Ghiúdachas, ag éirí faiseanta i measc na ndaoine cáiliúla i Meiriceá inniu.

Tá an téarma sin, briotais, cineál uileghabhálach, nó is féidir gach sórt rudaí neamhshaolta, beagnach, nach cuid d'aon mhór-reiligiún iad a aicmiú mar "bhriotais". Bíonn sé deacair acu siúd féin a dhéanann taighde comparáideach ar na reiligiúin an "bhriotais" a shainmhíniú mar rud. Dúirt Nicholas Goodrick-Clarke, ollamh ollscoile in Exeter a bhfuil staidéar déanta aige ar thraidisiúin rúndiamhrachta an Iarthair gurb ionann an bhriotais, go bunúsach, agus tuiscint áirithe ar na cúrsaí reiligiúnda nó neamhshaolta a tháinig ar an bhfód i rith an chéad chúpla aois i ndiaidh bhreith Chríost in Oirthear na Meánmhara, agus gurb iad na príomh-chomhábhair sa mheascán seo ná an Cabála - traidisiún rúndiamhair an Ghiúdachais - an Nua-Phlatónachas, an Gnóiseachas, agus na tráchtais draíochta agus ailceimice a scríobh lucht an Heirméiteachais, is é sin, lucht leanúna Hermes Trismegistus.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “briotais” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-09-18.
  2. “diamhrachas” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-09-18.