Briain Mac Óda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Brian Cody)
Infotaula de personaBriain Mac Óda

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Iúil 1954
69 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Iomána Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Bainisteoir agus iarimreoir iománaíochta é Briain Mac Óda (Béarla: Brian Cody), a rugadh i gContae Chill Chainnigh, Poblacht na hÉireann sa bhliain 1954. Bhain sé cáil amach ina iománaí leis an bhfoireann idirchontae Chill Chainnigh sna 1970idí agus na 1980idí, agus ba bhainisteoir rathúil é ar an bhfoireann chéanna. Fógraíodh ar 23 Iúil 2022 go raibh Cody ag éirigh as a ról mar bhainisteoir Chill Chainnigh.[1][2]

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Briain Mac Óda sa bhliain 1954 i Sheestown, baile beag cúig chiliméadar ó chathair Chill Chainnigh. D'éirigh sé aníos i dteaghlach a bhí an-ghníomhach sa Chumann Lúthchleas Gael, agus bhí a athair ina chathaoirleach ar an gclub áitiúil Séamas Mac Stiofáin ar feadh seacht mbliana déag. D'fhreastail Mac Óda ar an scoil náisiúnta sa cheantar ar dtús, an scoil De La Salle níos déanaí agus ansin Coláiste Naomh Chiaráin. Ba scoil an-láidir é Naomh Ciarán i gcúrsaí spóirt, agus an iomáint go háirithe. Bhí sé ina dhalta sa choláiste seo nuair a fuair Mac Óda a chéad bhlas den iomáint, agus bhain sé a chéad bhonn amach i gCraobh Choláistí na hÉireann sa bhliain 1971. Cuireadh an rath seo tús ar a ghairmréim leis an bhfoireann idirchontae.

Bhain Mac Óda céim amach freisin, agus chaith sé tréimhse ag múineadh sa scoil De La Salle. Phós sé le hElsie Walsh as Contae Loch Garman, bean a d'imir camógaíocht san fhoireann idirchontae. Is iománaí leis na gCait é a mhac Donnacha Mac Óda, a bhris isteach san fhoireann sinsearach sa bhliain 2006.

Ina iománaí dó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Mac Óda isteach san fhoireann idirchontae mionúrach sa bhliain 1972. Ina chaptaen a bhí sé an bhliain seo, agus bhuaigh an fhoireann Craobh Laighean agus Craobh na hÉireann chomh maith. Mar gheall ar an rath a bhí aige ina mhionúr dó, tógadh isteach sa scuaid sinsearach é an bhliain ina dhiaidh 1973. Foireann iontach a bhí ann sna laethanta seo, agus fuair Mac Óda seans imirt in éineacht leis na sár-iománaithe Nollaig Ó Sceacháin, Éadbhard Ó Cathaoir agus daoine eile. Ag an am céanna, bhí sé ag imirt san fhoireann faoi-21 freisin, agus bhuaigh siad Craobh na hÉireann dhá bhliain i ndiaidh a chéile idir na blianta 1974 agus 1975. Sna séasúir céanna, bhain Mac Óda amach a chéad bhoinn sinsearacha i gCraobh Laighean agus Craobh na hÉireann. Mar aitheantas ar an rath a bhí aige, bronnadh a chéad gradam Sárimreoirí na Bliana air sa bhliain 1975. Ní raibh an t-ádh ar na gCait sna blianta 1976 agus 1977, tréimhse ina raibh Loch Garman ag fáil an lámh in uachtar sa chúige.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Paul Fitzgerald (2022-07-23). "Statement from Kilkenny County Board: Brian Cody" (en). Kilkenny GAA. Dáta rochtana: 2022-08-01.
  2. "Tá sé beagnach leathchéad bliain ó bhuaileas den chéad uair le Brian Cody" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-01.



Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 1983 - 23ú corn
1 N. Ó Sceacháin | 2 S. Mac Éinrí | 3 B. Mac Óda | 4 R. Ó hEára | 5 S. Ó hAonasa | 6 G. Mac Éinrí | 7 P. de Priondragás | 8 P. Ó Coimín | 9 G. Ó Fionnalaigh | 10 R. de Paor | 11 C. Ó Braonáin | 12 L. Ó Fionnalaigh (capt.) | 13 L. Mac Giolla Phádraig | 14 C. Ó hIfearnáin | 15 A. Ó Riain | Fir ionaid P. Ó Leannáin | Bainisteoir: P. Mac Éinrí
Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2006 - 29ú corn
1 S. Mac Fhearaigh | 2 M. Caomhánach | 3 N. Ó hÍcí | 4 S. Tirial (capt.) | 5 S. Ó Raghaill | 6 S. Tennyson | 7 T. Breathnach | 8 S. Mac Giolla Phádraig | 9 D. Ó Loinn | 10 R. de Paor | 11 A. Ó Sibhleáin | 12 E. Ó Lorcáin | 13 É. Ó Braonáin | 14 M. Mac Cumascaigh | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid L. Ó Dubhuir | R. Ó Maolalaidh | Bainisteoir: B. Mac Óda
Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2007 - 30ú corn
1 P. S. Ó Riain | 2 M. Caomhánach | 3 N. Ó hÍcí | 4 S. Tirial | 5 T. Breathnach | 6 Brian Ó hÓgáin | 7 S. S. Ó Dúláinne | 8 D. Ó Loinn | 9 S. Mac Giolla Phádraig | 10 É. Ó Braonáin | 11 A. Ó Sibhleáin (capt.) | 12 E. Ó Lorcáin | 13 L. Ó Duibhir | 14 M. Mac Cumascaigh | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid: S. Tennyson | M. Ó Fionnalaigh | R. de Paor | Bainisteoir: B. Mac Óda
Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2008 - 31ú corn
1 P. S. Ó Riain | 2 M. Caomhánach | 3 N. Ó hÍcí | 4 S. Tirial | 5 T. Breathnach | 6 Brian Ó hÓgáin | 7 S. S. Ó Dúláinne | 8 S. Mac Giolla Phádraig (capt.) | 9 D. Ó Loinn | 10 M. Mac Cumascaigh | 11 R. de Paor | 12 E. Ó Lorcáin | 13 É. Ó Braonáin | 14 A. Ó Sibhleáin | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid 16 S. Mac Fhearaigh | 28 T. S. Ó Maoildeirg | Bainisteoir: B. Mac Óda
Cill Chainnigh - Curaidh Iomána na hÉireann 2009 - 32ú corn
1 P. S. Ó Riain | 2 M. Caomhánach | 3 S. S. Ó Dúláinne | 4 S. Tirial | 5 T. Breathnach | 6 B. Ó hÓgáin | 7 S. Tennyson | 8 D. Ó Loinn | 9 M. Rís | 10 R. Ó hÓgáin | 11 A. Ó Sibhleáin | 12 E. Ó Lorcáin | 13 É. Ó Braonáin | 14 R. de Paor | 15 A. Ó Fógartaigh | Fir ionaid 21 M. Ó Fionnalaigh (capt.) | 22 M. Mac Cumascaigh | 27 T. S. Ó Maoildeirg | Bainisteoir: B. Mac Óda