Brendan Murray

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Brendan Murray
Brendan Murray Kyiv 2017.jpg
Murray sa bhliain 2017
Rugadh 16 Samhain 1996
  Gaillimh, Éire
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Ceoltóir
Seánra(í) ceoil Pop-cheol
Gníomhach 2014 – anois
Brendan Murray agus Hometown, 2015
Brendan Murray, 2015

Is amhránaí Éireannach é Brendan Murray (rugadh é ar an 16 Samhain 1996). Bhí sé ina bhall den bhanna ceoil HomeTown.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

2014-2016: HomeTown[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Brendan ina bhall den ghrúpa HomeTown ó 2014 go 2016. D'eisigh siad a n-albam Hometown 20 Samhain 2015 agus fuair sé go uimhir a 4 in Éireann. Chomh maith le sin, fuair a singlí "Where I Belong" agus "Cry For Help" go uimhir a 1 in Éireann.

2017: Comórtas Amhránaíochta na hEoraifíse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fograiodh ag Louis Walsh ar The Late Late Show ar an 16 Nollaig 2016 go mbeadh Brendan in iomaíocht ar an gComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2017. Roghnaíodh an t-amhrán "Dying to Try" dó. Tháinig sé sa 13ú háit ar an dara leathcheannais den Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2017 le 86 phointe.

Bhi sé ina aoi-mholtóir ar an gcéad leathcheannais den Junior Eurovision Éire 2017.

2018: The X Factor[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2018, rinne Brendan triail don cúigiú sraith déag The X Factor. Chan sé an t-amhrán Ella Eyre "We Don't Have to Take Our Clothes Off". Chur Simon Cowell stop leis agus d'athraigh na moltóirí a amhrán go dtí an t-amhrán Kate Bush "This Woman's Work". Fuair sé ceithre Yesanna ó na moltóirí. Ainmníodh Louis Tomlinson mar mheantóir Murray. Ag an six chair challenge chan Murray an t-amhrán R.E.M. "Everybody Hurts" agus bhrúigh Tomlinson a bhonnán óir dó. Ag tithe na moltóirí chan Murray an t-amhrán Sinéad O'Connor "Nothing Compares 2 U" ag baint áit amach sna seónna beo. Don dara seó beo chan sé an t-amhrán Cher "Believe", ach bhí se sa bhunthriúr. Nuair a chan sé arís chan sé "High and Dry" agus vótáil Ayde Field agus Louis Tomlinson ar a shon le Simon Cowell agus Robbie Williams ag vótáil i gcoinne. Chuaigh an vóta go leathghlas agus sábháladh é.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Singlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teideal Bliain Albam
"Dying to Try" 2017 Singil gan albam

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roimh
Nicky Byrne
le "Sunlight"
Éire sa Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse
2017
Tar Éis
Ryan O'Shaughnessy
le "Together"


CEOL
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.