Michael Jackson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMichael Jackson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Michael Joseph Jackson
29 Lúnasa 1958
Gary (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Bás25 Meitheamh 2009
50 bliana d'aois
Los Angeles (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Siocair bháisDúnmharú (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaForest Lawn Memorial Park 34°07′29″N 118°15′05″W / 34.124678°N 118.251431°W / 34.124678; -118.251431 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
Scoil a d'fhreastail sé/síMontclair College Preparatory School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheNeverland Ranch (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach agus Béarla
Airde175 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreTionscal an cheoil, na taibhealaíona, gnó na siamsaíochta, Cumadóireacht agus tionscal na scannán
Gairmdamhsóir, ealaíontóir taifeadta, ceoltóir, fiontraí, amhránaí, bailitheoir ealaíne, aisteoir gutha, cumadóir amhrán, mainicín, aisteoir, léiritheoir ceirníní, duine den lucht gnó, amhránaí is scríbhneoir, aisteoir scannáin, daonchara, scríbhneoir scripte, stiúrthóir scannán, dírbheathaisnéisí, file Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1964 –  2009
Ball de
SeánraPopcheol, anamcheol, ceol damhsa, dioscó, rac-cheol, na gormacha, ceol rithim agus gormacha, func, new jack swing (en) Aistrigh, ceol hip hap, rac-cheol crua, comhaimseartha uirbeach, samba (en) Aistrigh agus popcheol rince
Faoi thionchar
TeangachaBéarla Meiriceánach agus Béarla
Cineál guthaTeanóir

UirlisCeol gutha, pianó, foireann drumaí agus cnaguirlis
Lipéad ceoilEpic
Sony BMG
Legacy Recordings
Universal Music Group
Sony Music
Motown
Steeltown Records Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
TeaghlachJackson family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileLisa Marie Presley (1994–1996), colscaradh
Debbie Rowe (1996–2000), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáistePrince Michael Jackson I
 ( Debbie Rowe)
Paris Jackson
 ( Debbie Rowe)
Prince Michael Jackson II
 ( luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJoe Jackson  agus Katherine Jackson
SiblínRebbie Jackson, Janet Jackson, La Toya Jackson, Jermaine Jackson, Marlon Jackson, Randy Jackson, Jackie Jackson, Tito Jackson agus Brandon Jackson
Croineolaíocht
7 Iúil 2009Michael Jackson memorial service (en) Aistrigh
25 Meitheamh 2009death of Michael Jackson (en) Aistrigh
24 Aibreán 2002Michael Jackson: Live At The Apollo 2002 (en) Aistrigh (Apollo Theater (en) Aistrigh)
7 Meán Fómhair 2001-10 Meán Fómhair 2001Michael Jackson: 30th Anniversary Celebration (en) Aistrigh
31 Eanáir 1993Super Bowl XXVII halftime show (en) Aistrigh (Rose Bowl (en) Aistrigh)
Motown 25: Yesterday, Today, Forever (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinmichaeljackson.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0001391 Allocine: 36308 Rottentomatoes: celebrity/michael_jackson Allmovie: p95684 Metacritic: person/michael-jackson TV.com: people/michael-jackson IBDB: 533502 AFI: 112756
Facebook: michaeljackson Twitter: michaeljackson Instagram: michaeljackson Youtube: UC5OrDvL9DscpcAstz7JnQGA Souncloud: mjimmortal Spotify: 3fMbdgg4jU18AjLCKBhRSm iTunes: 32940 Last fm: Michael+Jackson Musicbrainz: f27ec8db-af05-4f36-916e-3d57f91ecf5e Songkick: 237682 Discogs: 15885 Allmusic: mn0000467203 Find a Grave: 38746353 Deezer: 259 Cuir in eagar ar Wikidata
Jackson 5, 1969. Michael i lár, an leaid is óige
1974

Amhránaí, ceoltóir agus cumadóir popamhrán a bhí i Michael Joseph Jackson (a rugadh i nGary, Indiana ar an 29 Lúnasa 1958 agus a cailleadh i Los Angeles ar an 25 Meitheamh 2009). Thugtaí "Rí an Phopcheoil" air le fada, agus áirítear ar na healaíontóirí popchultúir is mó ratha, ráchairte agus tionchair é.

Jackson ag Kahala Hilton, 1988 agus an buachaill a bhí aige ag an am
Las Vegas 2003

D'fhág sé a lorg ar an bhfaisean agus ar an damhsa chomh maith. Ach bhí a shaol príobháideach féin i mbéal an phobail ar feadh breis is dhá scór bliain, an gréasán caidreamh a bhí aige le buachaillí óga go mór mór.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí naonúr clainne ag Joseph agus Katherine Jackson: Jackie, Tito, Rebbie, Jermaine, Marlon, Michael, La Toya, Randy agus Janet. Deirtear gur chuir a athair brú mór orthu agus iad ag fás aníos sa bhaile, agus níor thug sé cead súgradh le páistí eile. Thaispeáin Michael go raibh tallann fé leith aige agus é ina bhuachaill óg.

ghrianghraf a thóg na póilíní, 2003
leantóir sa bhliain 2004

In éineacht lena chuid deartháireacha, bhain sé amach an chéad chlú chomh fada siar leis an mbliain 1964, nuair a bhí sé ag amhránaíocht sa cheolfhoireann The Jackson Five. D'eisigh Michael a chéad albam leis a chuid deartháireacha sa bhanna Jackson 5.

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtús na seachtóidí, thosaigh Jackson ag amhránaíocht ina aonar. Sa bhliain 1972, d'eisigh sé a chéad cheirnín mar cheoltóir ina aonar.

As seo amach, thuill sé clú agus cáil dó fhéin le h-albaim rathúla ar nós Off the Wall (1979) agus Thriller (1982). B'é Jackson a chlaochlaigh físeán ceoil, chun iad a bheith ina gcruth ealaíona, le damhsaí casta ar nós an "robot" agus an "moonwalk". Ba Thriller an albam is rathúla ariamh a bhí ann, tá níos mó ná 100 milliúin cóip den ceirnín díolta ar fad na cruinne.

Bhí an-rath ag albaim eileː Off the Wall ón mbliain 1979, Bad ón mbliain 1987, Dangerous ón mbliain 1991, agus HIStory ón mbliain 1995.

Cé gur éirigh go maith lena cheirnín stiúideo is déanaí, Invincible (2001), níor éirigh go maith lena chuid saothair eile.

Sa bhliain 2008, eisíodh an ceirnín is déanaí Thriller25. Díoladh 1.8 milliún cóip taobh istigh de dhá sheachtain déag.

Físeáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1980idí, bhí tionchar mór ag Jackson ar chuma na bhfíseán ceoil. Ar dtús, ní raibh iontu ach cleas promóisin don cheol féin, ach rinne Michael Jackson saothair ealaíne iontu féin díobh. Leis na físeáin a rinne sé do na hamhráin úd Billie Jean, Beat It, agus Thriller, bhí sé in ann lucht mór féachana a bhaint amach i measc daoine nárbh ionann a dtoighis cheoil.

Lena chuid físeán agus lena geáitsí stáitse, bhí sé ábalta teicníochtaí úra damhsa a chur ar fud an domhain, ar nós "siúl na gealaí" (an moonwalk) agus "siúl an róbait" (an robot). Leis an gcineál ceoil a dhéanadh sé agus lena chuid damhsa, bhí sé in ann draíocht a chur ar dhaoine nárbh ionann a n-aois, dath a gcraicinn ná a gcúlra cultúrtha, agus thug sé spreagadh dá lán ceoltóirí agus siamsóirí éagsúla.

deimhniú báis

Tionchar agus duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deireann ceoltóirí hip hap agus R&B sa lá atá inniu ann gur mór an tionchar a bhí ag Jackson ar a gcuid ceol. Tá sé i measc na ceoltóirí gorma is rathúla riamh.

Tá Jackson ar dhuine den dream beag ceoltóirí a ghlacadh isteach sa 'Rock and Roll Hall of Fame' faoi dhó.

Holly Terrace, LA Meitheamh 2014

Bronnadh a lán duaiseanna air. I measc na duaiseanna agus éachtaí atá buaite aige ná ocht 'Guinness World Records', cúig Ghradam Grammy déag, trí shingil déag a shroich barr na gcairteacha agus 750 milliún albam díolta. Sa bhliain 2008, eisíodh an ceirnín is déanaí Thriller25. Díoladh 1.8 milliún cóip taobh istigh de dhá sheachtain déag.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé ag ullmhú camchuairt dhomhanda nua, This Is It, nuair a fuair sé bás le taom croí. Fuair sé bás ar an 25 Meitheamh 2009, de bharr ródháileog druga (mar sh. própafól agus lórazapam, agus go leor eiel).[1] Cúisíodh a lia i ndúnorgain.

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí saol pearsanta Jackson ina chúis conspóide thar na blianta.

Munich, 2011

Phós sé faoi dhó, an chéad uair sa bhliain 1994 agus an dara huair sa bhliain 1996, agus bhí triúr clainne aige, Paris-Michael Jackson, Prince Michael Jackson 1 agus Prince Michael Jackson 2.

Chuaigh Jackson faoi scian an mháinlia phlaistigh go minic lena chosúlacht a dhéanamh níos óigeanta, ach ní dhearna an sceanairt seo mórán maitheasa dó, agus chuir na meáin agus lucht a adhartha araon cron san athrú a bhí ag teacht air de dheasca na síorlansóireachta seo.

Thug Jackson na milliúin dollar do charthanachtaí.

Ar an lámh eile, ámh, lean conspóid in a dhiaidh i gcónaí ina shaol pearsanta. Na líomhaintí is mó a bhí curtha ina leith ná gur bhain Jackson mí-úsáid ghnéis as leanaí. Fuarthas é neamhchiontach i 2004 i ndiaidh triail fhada agus thar a bheith conspóideach.

Tháinig fianaise nua chun solais sna 2010idí. Ach chuir daoine a bhfuil na cearta ceoil acu (an 'eastát') an dlí ar na meáin.[1]

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Death of Michael Jackson" (as en) (2021-10-30). Wikipedia.