Blathmac mac Máele Cobo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBlathmac mac Máele Cobo
Beathaisnéis
Bás670
Teaghlach
TeaghlachDál Fiatach Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBécc Bairrche mac Blathmaic Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMaol Cobha mac Fiachna

Rí na nUladh den Dál Fiatach ba ea Blathmac mac Maoil Chobha (Sean-Ghaeilge Blathmac mac Máele Cobo) (bás 670)[1][2] Maol Cobha Mac Fiachna (bás 647) ba ea a athair.[3][4][5] Bhí sé i réim ó 647 go 670.

Bhí an Dál Fiatach i gceannas i nUlaid ó 637 go 674. Bhíodh imreas clainne i measc an Dáil san aimsir sin. Maraíodh a athair ag col ceathrair Bhlathmaic, Congal Ceannfhada mac Dúnchadha sa bhliain 647.[6][7][8] Insítear i n-annála Éireann go bhfuair Blathmac bás roimh Chongal, dá bharr is féidir a rá gur éirigh Blathmac ina rí in ainneoin dúnmharú a athair ag Congal.

Sa bhliain 668, tharla Cath Feirste (gar do Bhéal Feirste) idir na nUlaid agus na Cruithne, inar maraíodh rí na gCruithne, Cathussach mac Luirgén.[9][10][11]

Bhí seachtar mac ag Blathmac, ina measc Béic Bairrche mac Blathmaic, rí Ulad.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála Uladh, AU 670.3
  2. Annála Tiarnaigh, AT 670.3
  3. Byrne, Tábla 6
  4. Charles-Edwards, aguisín XXI
  5. Mac Niocaill, lch. 155
  6. AU 647.1
  7. AT 648.1
  8. Mac Niocaill, lch. 100
  9. AU 668.2
  10. AT 666.6
  11. Mac Niocaill, lch. 101