Barbra Streisand
Barbra Streisand | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | Barbara Joan Streisand |
Eolas breithe | Brooklyn, Aibreán 24, 1942(80 bliain d’aois) |
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Áit chónaithe |
Woodland Hills (en) ![]() |
Grúpa eitneach | na Giúdaigh |
Teanga dhúchais | An Béarla |
Muintir | |
Athair | Emanuel Streisand |
Céile/Céilí |
Elliott Gould (1963 - 1971) James Brolin (1998 - |
Páirtí/Páirtithe |
Jon Peters Richard Baskin |
Páistí |
liosta iomláin
|
Siblíní |
liosta iomláin
|
Oideachas | |
Alma mater |
Erasmus Hall High School (en) ![]() Lee Strasberg Theatre and Film Institute (en) ![]() |
Teangacha | An Béarla |
Gairm | |
Gairm | aisteoir scannáin, amhránaí, stiúrthóir scannán, amhránaí is scríbhneoir, léiritheoir scannáin, scríbhneoir, ceoltóir snagcheoil, scríbhneoir scripte scannáin, aisteoir stáitse, aisteoir teilifíse, aisteoir, ealaíntóir taifeadadh agus stiúrthóir |
Saothar iomráiteach |
Yentl (en) ![]() Funny Girl (en) ![]() A Star Is Born (en) ![]() Evergreen (Love Theme from A Star Is Born) (en) ![]() |
Duais |
liosta iomláin
|
Ainmníodh é/í le haghaidh |
liosta iomláin
|
Daoine le tionchar air/uirthi | Anna Magnani agus Billie Holiday |
Gluaiseacht ealaíne |
snagcheol traditional pop music (en) ![]() |
Cineál gutha | meánsoprán |
Uirlis cheoil | ceol gutha |
Lipéad ceoil |
Columbia Decca (en) ![]() London Recordings (en) ![]() |
Creideamh | |
Páirtithe polaitíochta | Páirtí Daonlathach |
IMDb | nm0000659 |
barbrastreisand.com | |
![]() |
Is ceoltóir pop agus ban-aisteoir Hollywood í Barbra Joan Streisand (24 Aibreán, 1942, Brooklyn, Nua Eabhrac, na Stáit Aontaithe).
Dar le RIAA, is í Streisand duine de na ceoltóirí is rathúla ar an domhan, le níos mó ná 150 milliúin albaim díolta aici. Tá Tony, Grammy, Emmy agus Oscar bainte aici, éacht a tharlaíonn go h-an annamh.
Thosaigh sí a réim trí bheith ag canadh i gclubanna oíche agus amharclanna Broadway go luath sna seascaidí. Tar éis di bheith ina haoi ar roinnt cláir teilifíse, shínigh sí le Columbia Records, agus foilsíodh an chéad albam uaithi, 'The Barbara Streisand Album' (Albam Barbara Streisand) i 1963. Bhuaigh an t-albam dhá Ghradam Grammy, Grammy na Bliana san áireamh.
Ag deireadh na seascaidí, agus í faoi lánréim mar amhránaí, bhog sí i dtreo na scannánaíochta. Bhí sí ina réalt sa scannán Funny Girls, a bhí gáir mór leis, agus bhuaigh sí Gradam an Acadaimh dá ról ann. Le scaoileadh 'Yentl' (1983) tharla sé gurb í an chéad bhean chun scannán ó stiudeo mór a scríobh, a dhéanamh, a stiúriú agus a bheith ina príomhaisteoir ann.
I measc a duaiseanna éagsúla tá dhá Ghradam Acadaimh, deich nGradam Grammy, cúig Ghradam Emmy, ceithre Ghradam Peabody, Bonn na Saoirse agus naoi Golden Globes.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh í i mBrooklyn i Nua-Eabhrac ar an 24 Aibreán 1942, iníon Diana agus Emanuel Streisand. Ba soprano í a máthair ina hóige féin agus smaoinigh sí ar ghairm bheatha mar soprano ach thosaigh sí ag obair mar rúnaí scoile. Ba mhúinteoir meánscoile é a hathair sa scoil chéanna, agus b'shin an áit ar chas siad ar a chéile. Ba Ghiúdaigh iad an bheirt acu. B'as an Pholainn clann a máthar, agus b'as Impíreacht na Rúise clann a athair, ina raibh a seanathair ina cantor.
I 1943, nuair nach raibh sí ach aon bhliain d'aois, fuair a hathair bás de bharr thaom apaipléise agus é 34 bliana d'aois. D'fhulaing a clann faoin mbochtaineacht dá thoradh sin agus iad ag streachailt go mór lena gcuid billí.
Thosaigh sí a cuid oideachais i Yeshiva (Scoil Ghíudach) i mBrooklyn nuair a bhí sí cúig bliana d'aois. D'fhreastail sí ar Public School 89 agus Erasmus High School ina dhiaidh sin, áit ar chan sí sa chóir le dalta eile, Neil Diamond. Chríochnaigh sí ar scoil agus í sé bliana déag d'aois agus go haicearrach ina dhiaidh sin, thosaigh ag obair mar amhránaí i gclub oíche.
Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 1968 Funny Girl
- 1969 Hello, Dolly!
- 1970 On a Clear Day You Can See Forever
- 1970 The Owl And The Pussycat
- 1972 What's Up Doc?
- 1972 Up the Sandbox
- 1973 The Way We Were
- 1974 For Pete's Sake
- 1975 Funny Lady
- 1976 A Star Is Born
- 1979 The Main Event
- 1981 All Night Long
- 1983 Yentl
- 1987 Nuts
- 1991 The Prince of Tides
- 1996 The Mirror Has Two Faces
- 2004 Meet the Fockers
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |