Bairneach mín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBairneach mín
Patella pellucida Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamMollusca
AicmeGastropoda
OrdArchaeogastropoda
FinePatellidae
GéineasPatella
SpeiceasPatella pellucida Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Patina pellucida Cuir in eagar ar Wikidata

Is moileasc mara gastrapódach san fhine Patellidae (na “fíorbhairnigh”) é Patella pellucida, ar a dtugtar an bairneach mín go coitianta.[1][2][3]

var. pellucida

Faightear an bairneach mín amach ó chóstaí an Atlantaigh, ón Íoslainn agus an Iorua go dtí an Phortaingéil. Ní fhaightear i Muir Bhailt é, ná sa Danmhairg, sa Bheilg nó san Ísiltír.

Fásann sé suas le 15 mm ar fad. Is furasta an speiceas seo a aithint mar gheall ar a shliogán ómra tréshoilseach a bhfuil spotaí gorma lonracha ag rith i línte trasna bharr an tsliogáin.[4]

Is ar Laminaria (ceilp) in uisce sruthach a chónaíonn an bairneach mín go príomha[5] ach ar Fucus serratus ar an íochtar cladaigh freisin, síos go dtí thart ar 30 m.

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an mbairneach mín ina leabhar Cladaí Chonamara:

Fásann an cineál seo fairsing ar chosa coirlí agus ar shlata mara amuigh ar an domhan i riocht agus nach mbíonn siad tirim ach ar dhíthrá rabharta mhóir. Tá siad ar an gcineál is lú dá dtreibh... Tá na sliogáin sleamhain mín agus níl aon dath sa tuar ceatha nach bhfuil iontu. San áit a mbíonn siad i ngreamú bíonn poll beag ite isteach acu sa tslat, nó sa gcois choirlí. Gluaiseann siad ó áit go háit ag soláthar a mbeatha. Bíonn an-tóir ag ballaigh orthu agus dá bhrí sin deánann siad greadlach ar an iasc séimhí sin ó am go ham. Ní bhíonn siad chomh mór le cnaipe léine. Is minic a gheofá i mboilg na mballach iad gan cangailt gan eile.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Patella pellucida” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Bouchet, P.; Gofas, S. (2011). Patella pellucida. Accessed through: World Register of Marine Species at http://www.marinespecies.org/aphia.php?p=taxdetails&id=147459 on 2011-12-31
  3. Gofas, S.; Le Renard, J.; Bouchet, P. (2001). Mollusca, in: Costello, M.J. et al. (Ed.) (2001). European register of marine species: a check-list of the marine species in Europe and a bibliography of guides to their identification. Collection Patrimoines Naturels, 50: pp. 180-213
  4. Campbell, A.C. 1984. The Country Life Guide to the Seashore and Shallow Seas of Britain and Europe. Country Life Books. ISBN 0-600-34396-0
  5. Lewis, J.R. 1964. The Ecology of Rocky Shores. The English Universities Press Ltd.
  6. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.