Aspairín
Aigéad aicéitiolsalaicileach, druga a úsáidtear go forleathan agus atá éifeachtach mar chóireáil ar chuid mhaith cineálacha mionphéine (tinneas cinn, míostrú, néarailge), athlasadh (mar shampla, i ngalar réamatóideach) agus fiabhras. Fuarthas amach le déanaí go gcuireann sí bac ar théachtadh na fola, agus mar sin go gcabhróidh sí le tarlú trombóise corónaí is ceirbrí a laghdú. Baineadh feidhm as coirt na sailí is plandaí áirithe eile leis na céadta bliain mar leigheas ar fhiabhras creathach. Is é an comhábhar gníomhach sa choirt seo ná sailicin, réamhtheachtaire ceimiceach aspairín. Shintéisigh an ceimicí Gearmánach Felix Hoffman (1868-1946) aspairín den chéad uair, agus thug an cógaseolaí Gearmánach Heinrich Dreser (1860-1924) isteach sa mhíochaine é den chéad uair i 1899. Tarlaíonn na hiarmhairtí leighis mar gheall ar a cumas sintéisiú prostaglaindiní (ceimiceáin atá gníomhach go bitheolaíoch, a fhaightear ar fud na colainne) a chosc. Fo-iarmhairt a fhéadfaidh a bheith ar ionghabháil iomarcach aspairín is ea cur fola gastrach.
Ról san Ailse[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is cosúil go bhfuil ról ag an aspairín i gcosc na hailse colaireictí dóibh siúd a ghlacann dáileog 75mg sa lá, ach is cosúil, leis, nach gcuireann sé le fad saoil an dreama sin a bhfuil ailse cholareicteach orthu cheana féin tar éis don diagnóis tarlú. [1]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Low-Dose Aspirin Use After Diagnosis of Colorectal Cancer Does Not Increase Survival: A Case–Control Analysis of a Population-Based Cohort Gastroenterology 2014;146:700–708 Gaeilge: Ní Chuireann Aspairín Ísealdáileoige Tar Éis Dhiagnóis Ailse Cholaireicteach le Fadsaoil: Anailís Cás-Rialaithe ar Chohórt Daonrabhunaithe
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |