Arsanaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Drugaí a shaothraigh an t-eolaí Gearmánach Paul Ehrlich go luath sa 20ú céad. Rinne sé scagthástáil ar chuid mhaith ábhar orgánach ina raibh arsanaic, ag iarraidh teacht ar dhrugaí a d'fhéadfadh a bheith éifeachtach i gcoinne suanghalair na hAfraice. Fuair sé go raibh uimhir 606 ina shraith thástálacha níos éifeachtaí ná na cinn eile, agus tugadh 606 is an trádainm Salvarsan air. Ina dhiaidh sin fuarthas go raibh sé éifeachtach i gcoinne ionfhabhtaithe le spireacaeit. I 1910 taispeánadh gur leigheas ar shifilis freisin é, agus baineadh feidhm as chuige sin go dtí 1945 nuair a tugadh peinicillin isteach. Faoi seo ní úsáidtear na harsanaigh a thuilleadh mar go bhfuil drugaí níos sábháilte le fáil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Arsanaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 49.