Arracht (scannán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinArracht
Buneolas
StiúrthóirTomás Ó Súilleabháin Cuir in eagar ar Wikidata
CeolKíla Cuir in eagar ar Wikidata
GrianghrafadóireachtKate McCullough Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht léiriúcháinBreak Out Pictures agus Macalla Teoranta Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú2019 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama86 min Cuir in eagar ar Wikidata
Bunteangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrascannán stairiúil Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharAn Gorta Mór Cuir in eagar ar Wikidata
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán
Ainmnithe do

Suíomh gréasáin oifigiúilmacallateo.com… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt9620986 Rottentomatoes: m/arracht Letterboxd: arracht Cuir in eagar ar Wikidata


Scannán stairiúil i nGaeilge is ea Arracht, an chéad fhadscannán faoi stiúir Tom Sullivan. Tá an scéal suite i gConamara le linn an Ghorta Mhóir.

Leitir Mealláin

Léiriúchán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leitir Mealláin

Bhí Arracht ar an dara scannán a bhí léirithe faoi Cine 4 (a raibh mar aidhm aici dhá fhadscannán Gaeilge a sholáthar in aghaidh na bliana). Mar sin mhaonaigh TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) agus Fís Éireann[1].

Rinneadh an scannán ar láthair amuigh i Leitir Mealláin. Macalla Teoranta a léirigh an scannán, agus x, agus TG4 a mhaoinigh é.

Ó thaobh Macalla Teoranta, is é Cúán Mac Conghail a stiúir Arracht.[2] Ba iad Brendan McCarthy agus John McDonnell de chuid Fantastic Films na léiritheoirí feidhmiúcháin.

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Arracht ar dtús suite sa bhliain 1845, roimh an nGorta Mór. Scéal iascaire, a thugann dídean do strainséir ar iarratas an tsagairt áitiúil, is ábhar don scannán.[3] Tá trí théama cniotáilte le chéile sa scannán: [4]

  • saol Cholmáin (an príomhcharachtar) agus é ar a theitheadh,
  • uafás an Ghorta Mhóir agus
  • an bhaint a bhí ag córas na dtiarnaí talún leis an nGorta.

Colmán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fear seiftiúil é Colmán Ó Searcaigh (Dónal Ó Héalaí) atá in ann a chrústa a thuilleamh ar mhuir is ar thalamh i gConamara sna 1840idí. Lucht déanta poitín a mhuintir roimhe; iad go maith á dhéanamh, ach go dona á ól, mar a deir sé féin go seanbhlastúil.[4]

Cuirtear inár láthair é mar dhuine beagfhoclach, dúnéaltach, ach is duine uasal, stuama é lena chois sin. Is é scéal aonair Cholmáin a thugann léargas dúinn ar an ainnise; níl aon radharc ar theach na mbocht, an imirce ná na corpáin.

An gorta- cuimhneachán

Maireann sé ón lámh go dtí an béal go socair sásta i scioból beag lena bhean agus a mac. Tá suan na muice bradaí le sonrú ón tús, áfach, agus fios againn go bhfuil an drochshaol ag teacht go leac an dorais chucu. An fear aonair ag maireachtaint ar éigean agus gan ann ach an craiceann agus na cnámha. É ciaptha ag cuimhneamh ar a bhean is a mhac. An daonnacht sleamhnaithe uaidh faoi mar atá an fheoil imithe dá chnámha.


Marú agus teitheadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann Patsy Kelly (Devaney) ’on dúthaigh agus iarrann an sagart ar Cholmán lámh chúnta a thabhairt dó. Fásann cairdeas eatarthu. Tá cíos na talún ag luí ar Cholmán agus tá na prátaí ag teip. Tugann sé cuairt ar an tiarna talún ach déanann gníomhartha fill Patsy an chairt a raideadh agus bíonn ar Cholmán dul ar a theitheadh.[4]

Ach lá de na laethanta, tagann Colmán ar chailín óg (Saise Ní Chuinn) agus tugtar ardú meanma dó mar aon le hábhar beag dóchais.

Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Dónall Ó Héalaí, aisteoir aitheanta as Cois Fharraige i gConamara atá sa phríomhpháirt. As na hAille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara Ó Héalaí. I measc an chliar, tá na haisteoirí Gaeltachta Dara Devaney, Siobhán O’Kelly agus Eoin Ó Dubhghaill chomh maith le Michael McElhatton as Game Of Thrones.

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Premiere. Taispeáadh Arracht don chéad uair ag Féile Scannánaíochta Tallinn Black Nights san Eastóin sa bhliain 2019. Bhí léirmheasanna moltacha faighte aige.

Sa bhliain 2020, bronnadh ar an scéinséir, a stiúir Tom O’Sullivan, dhá ghradam ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media inné, an Gradam don Scannán is Fearr as Éirinn agus gradam Aer Lingus Discovery a bronnadh ar an aisteoir Dónall Ó Héalaí.[5]

Ag Féile Scannán Ghlaschú a bronnadh an duais Gradam an Lucht Féachana, gradam ar vótáil an pobal dó.

Rinne Arracht ionadaíocht ar son na hÉireann ag gradaim Oscar 2020 agus tá céadrogha glactha ag comhlacht léiriúcháin mór le rá i Meiriceá ar an scannán chun leagan ‘Hollywood’ a dhéanamh de.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Screen Ireland
  2. "Mórscannán Gaeilge faoin ngorta le taispeáint sna pictiúrlanna" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-10.
  3. Méabh Ní Thuathaláin (19 Samhain 2019). "SCANNÁN: Blaiseadh de ‘Arracht’ le feiceáil den chéad uair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-10.
  4. 4.0 4.1 4.2 Breandán M Mac Gearailt (15 Deireadh Fómhair 2021). "Taispeántas inchurtha lena bhfaighfeá in aon teanga ó Dhónall Ó Héalaí sa sárscannán ‘Arracht’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-10.
  5. tuairisc.ie (9 Márta 2020). "Duaiseanna móra buaite ag an scannán Gaeilge ‘Arracht’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-10.