Dónall Ó Héalaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDónall Ó Héalaí

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1987
36/37 bliana d'aois
Indreabhán, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

IMDB: nm2912067 Twitter: DonallOHealai Cuir in eagar ar Wikidata

Aisteoir agus guthaisteoir Éireannach is ea Dónall Ó Héalaí (a rugadh 28 Samhain 1987).[1] Is cainteoir dúchais Gaeilge é, agus bhí páirteanna aige i roinnt scannán Gaeilge mór le rá, Arracht agus Foscadh san áireamh.

Rugadh Ó Héalaí in Indreabhán i gConamara, agus tógadh é in Indreabhán agus sa Spidéal. Thosaigh sé ag aisteoireacht nuair a bhí sé 14 bliana d'aois i gclub óige áitiúil.[2]

Bhain sé céim amach ó Ollscoil Mhá Nuad agus bronnadh Duais Litríochta an Dr. H.H. Stewart air le linn a chuid staidéir ann.[3] Rinne sé staidéar níos déanaí sa Stella Adler Studio of Acting i Nua-Eabhrac agus in Acadamh Bow Street i mBaile Átha Cliath.[4][5]

Sa bhliain 2006, ghabh Ó Héalaí a chéad pháirt i gclár teilifíse mar Jeaic i séasúr a haon den tsraith Aifric ar TG4.

Is é a bhí mar Otis sa scéinséir síceolaíoch Meiriceánach Impossible Monsters in 2019.[6][7] An bhliain chéanna sin, bhí príomhpháirt aige mar Colmán Sharkey sa scannán drámaíochta Gaeilge Arracht, a bhuaigh an scannán Gaeilge is Fearr ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath 2020 agus Gradam an Lucht Féachana ag Féile Scannán Ghlaschú 2020.[8]

Bhunaigh Ó Héalaí an tionscnamh cultúrtha Celtic Consciousness, agus, in 2018 thug sé caint TEDxBerkeley ar an nGaeilge agus an áilleacht.

Rólanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scannán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Teideal Ról Nótaí
2012 Skint Billy Gearrscannán
2014 Sínte Seán Gearrscannán
2015 My Name is Emily Garda óg
Pursuit Oisín
Traders Kicker
2016 Catch 22 Mikey
2017 Loud Places Garrett
2019 Impossible Monsters Otis
Arracht Colmán Sharkey
2021 Foscadh John Cunliffe

Teilifís[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Teideal Ról Nótaí
2006 Aifric Jeaic 5 eipeasóid[2][9]
2010–2011 Seacht Quinn 3 eipeasóid
2013 The Siege 1922 Rólanna éagsúla Scannán teilifíse
2011–2014 Corp & Anam John Glynn / Garda Óg 3 eipeasóid
TBA North Sea Connections Shane McDonagh Le teacht

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Litrítear a shloinne gan síneadh fada ar Vicipéid an Bhéarla: "Ó Héalai" toisc gurb é an litriú ar a chuntas Twitter. Ach is "Ó Héalaí" an litriú sna teidil creidiúna ina chuid scannán, agus an litriú a leanann gnás na Gaeilge.
  2. 2.0 2.1 "Connemara actor Dónall Ó Héalaí @ Galway Film Fleadh". Galway Advertiser.Kernan Andrews (9 July 2015).
  3. NUI Awards 2009” (pdf). National University of Ireland.
  4. Our Programme Graduates: 2014”. Bow Street.
  5. Andrews, Kernan (9 July 2015). “Connemara actor Dónall Ó Héalaí @ Galway Film Fleadh”. Dáta rochtana: 15 December 2021.
  6. IMPOSSIBLE MONSTERS Starring Santino Fontana to Screen at HBO New York Latino Film Festival”. Broadwayworld (30 July 2019).
  7. Impossible Monsters”. Cinequest.
  8. Niall Murphy (9 March 2020). “Irish drama Arracht wins awards in Dublin and Glasgow”. www.Scannain.ie.
  9. "Young Cois Fharraige man looks for lucky break in New York’s acting circle". Galway Advertiser.