Jump to content

Aodh de Léis, 1ú Iarla Uladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAodh de Léis, 1ú Iarla Uladh
Beathaisnéis
Breithc. 1176 (Féilire Ghréagóra)
Bás1242 (Féilire Ghréagóra)
65/66 bliana d'aois
Cúige Laighean Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaPrióireacht Llanddewi Nant Hodni Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 13ú aois agus glúin an 12ú aois
Eile
Teideal uasalCunta Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRóis de Léis Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAodh de Léis, Tiarna na Mí  agus Rohese Trefynwy
SiblínWalter de Lacy, Tiarna na Mí

Saighdiúir agus uasal Angla-Normannach ab ea Aodh de Léis, 1ú Iarla Uladh (c. 1176 – 26 Nollaig 1242). Ba dhuine mór le rá é in ionradh na Normannach ar Éirinn sa 12ú haois, agus rinne an rí Eoin Shasana Iarla Uladh de sa bhliain 1205.[1]

Ba é de Léis an mac ab óige le Aodh de Léis, Tiarna na Mí, duine de shliocht Gautier de Lacy, [2] a chuaigh go Sasana tar éis choncas na Normannach. Timpeall na bliana 1189, ceapadh é mar fhear ionaid an rí in Éirinn, post a bhí ag a athair roimhe sin. Sa bhliain 1190, tháinig Guillaume le Petil ina áit. Athcheapadh é ina dhiaidh sin mar leasrí ó 1205 go 1210.[3]

Chuir sé móta in airde sna 1180idí i gCeatharlach, ar an láithreán ar ar tógadh Caisleán Cheatharlach sa 13ú haois.[4] Le linn tochailtí i gCaisleán Cheatharlach in 1996, fuarthas iarsmaí de shraith lorg cuaille taobh istigh de dhíog chuartha, ag rith faoi bhallaí an daingin thúraigh agus mar sin níos sine ná é. Fuarthas iarsmaí d'áith a d'úsáidtí chun arbhar a thriomú ó thuaidh de. Léirmhíníodh na gnéithe seo mar léiriú ar iarsmaí an chéad chaisleáin anseo, gur cosúil gur as cré agus adhmad a tógadh an chóir chosanta agus na foirgnimh. Tugann athmhíniú ar na foinsí stairiúla le tuiscint gur thóg Aodh de Léis an caisleán adhmaid ar dtús anseo go luath sna 1180idí do John de Clahull.

Bhí de Léis ar feadh tamaill ina chóidiútar le Seán de Cúirse i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan..[5] Ach sa bhliain 1199, thug an Rí Eoin Shasana cead do de Léis cogadh a fhógairt ar de Cúirse, a chloígh cuid mhór d’Ulaidh gan chabhair nó cead ón rí. Ghabh de Léis de Cúirse sa bhliain 1204. [6]

Sa bhliain 1205, rinne an Rí Eoin Iarla Uladh de, agus rinne sé Iarlacht Uladh de chríoch de Cúirse in Ultaibh. Dheonaigh sé a chairt do Dhroichead Átha. Lean sé le concas na tuaithe thoir -thuaidh de Chúide Uladh, ag tógáil ar rath de Cúirse, leis an iarlacht ag síneadh trasna na contaetha Aontroim agus an Dún, agus codanna de Dhoire, an lae inniu. Rinne sé iarracht, gan mórán ratha, Ó Néill Thír Eoghain a smachtú.

Sa bhliain 1207 thosaigh cogadh idir an t-iarla Uladh agus Meiler Fitzhenry, an príomh-bhreitheamh. Thug sé seo an Rí Eoin go pearsanta go hÉirinn, áit ar dhíbir sé deartháir an iarla, Walter de Léis, Tiarna na Mí, as an Mhí, agus chuir sé iallach ar an iarla féin teitheadh go hAlbain.[7] Curtha thar loch amach, ag an Rí Eoin sa bhliain 1210, ghlac Aodh páirt sa Chrosáid Ailbíseach ar feadh 13 bliana.

Ar fhilleadh dó, chuaigh sé i bpáirt le Ó Néill i gcoinne na Sasanach. Sa bhliain 1226 tugadh a thailte i gCúige Uladh ar láimh dá dheartháir Walter, ach tugadh ar ais dó an bhliain dár gcionn é, agus ina dhiaidh sin is cosúil gur fhreastail sé go dílis ar an rí, gairthe go Sasana níos mó ná uair amháin, chun comhairle a thabhairt faoi ghnóthaí na hÉireann. D’éag sé i gCarraig Fhearghais sa bhliain 1242 nó 1243.

De réir cosúlachta, scar sé óna chéad bhean agus bhí sé ina chónaí go hadhaltrach. Bhí leanaí dlisteanacha agus neamhdhlisteanacha aige, agus tugann foinsí stairiúla cuntais chontrártha. Sa bhliain 1226, phós a iníon lena chéad bhean Alan fitz Roland, Tiarna Ghall-Ghàidhealaibh. Sa dara háit, phós sé Emmeline de Riddlesford, iníon le Walter de Riddlesford thart ar 1242. Le Emmeline bhí iníon aige, Lady Maud de Léis, a phós Walter de Burgh, Tiarna Chonnacht i 1264. Tháinig sé ina Iarla Uladh ina cheart.

  1. "A General and Heraldic Dictionary of the Peerages of England, Ireland, and Scotland, extinct, dormant, and in abeyance" (as en) (1846). Henry Colburn. 
  2. Teimpléad:Cite EB1911
  3. O'Mahony, Charles (1912). "The Viceroys of Ireland". 
  4. "Castle". Carlow Town.com. Archived from the original". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-17. Dáta rochtana: 2020-06-09.
  5. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named EB19113
  6. "Illustrated Dictionary of Irish History" (2001). Dublin: Gill and Macmillan. 
  7. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named EB1911