Aodh Dubh Ó Néill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAodh Dubh Ó Néill
Beathaisnéis
Breith1611
Bás1660
48/49 bliana d'aois
Teaghlach
AthairArt Óg Ó Néill  agus Ellen MacCarthy (en) Aistrigh

Nia le hEoghan Rua Ó Néill ab ea Aodh Dubh, 16111660, agus mac le hArt Óg Ó Néill. Sa Bhruiséil, in Ísiltír an Spáinne, a rugadh é. Eisean a bhí i gceannas ar chosaint Chluain Meala nuair a d'ionsaigh Oilibhéar Cromail an baile lena 10,000 saighdiúir ón "Model Army", is ní dhéanfadh Cromwell dearmad air go brách.

In aon lá amháin troda an 8 Bealtaine, 1650, chaill Cromwell breis is 3,000 saighdiúir, níos mó ná an líon a chaill sé le linn 10 mbliana cogaíochta i Sasana sa chogadh cathartha in aghaidh an rí Charles I. De bharr shár-oirbheartaíocht Uí Néill a chaill Cromwell a chuid saighdiúirí, mar ba shaighdiúir gairmiúil Aodh Dubh, a fuair chuid taithí mhíleata sna cogaí iomadúla in Ísiltír na Spáinne. An lá dár gcionn, nuair a thóg Cromwell Cluain Meala, bhí Aodh Dubh agus a 1,200 saighdiúir imithe thar abhainn na Siúire.

Níor bhuail Cromwell le hAodh Dubh riamh arís, ach mhair Aodh Dubh chun a bheith i gceannas ar chosaint Luimnigh ar nia Cromwell, Henry Ireton, sa bhliain 1650-51. D'éirigh leis an gcosaint sa chéad ionsaí a dhein na Sasanaigh ar Luimneach sa bhliain 1650, agus bhí ar Ó Néill géilleadh sa bhliain 1651 mar bhí daonra na cathrach ag fáil bháis den ocras is den ghalar. Nuair a ghéill Luimneach, deineadh príosúnach d'Aodh Dubh, ach dhein sé é féin a chosaint chomh maith sin nár crochadh é, mar a tharlaíodh le ceannairí eile na nGael sa tréimhse chorraithe úd. Cuireadh go Londain é, marar chaith sé cúpla bliain sa phríosún i dTúr Londan.

Henry Ireton

Scaoileadh saor é nuair a léirigh Ambasadóir na Spáinne go Sasana gur ghéillsineach Spáinneach é Aodh Dubh. Chuaigh sé chun na Spáinne, marar ceapadh ina ghinearál airtléire é, is marar chuir sé éirí amach sa Chatalóin faoi chois. D'aithin an Spáinn mar 5ú Iarla Thír Eoghain é. Sa bhliain 1660, agus Charles II ar ais mar rí ar Shasana, dhein Aodh Dubh iarratas go dtabharfaí ar ais tailte a shinsear i dTír Eoghain dó, ach dhiúltaigh an rí Sasanach dá iarratas, agus fuair sé bás níos déanaí an bhliain sin.