Antoine Raiftearaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Antoine Ó Raifteirí)
Infotaula de personaAntoine Raiftearaí

Dealbh Raiftearaí i gCreachmhaoil, Co. na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith30 Márta 1779
Cill Liadáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Nollaig 1835
56 bliana d'aois
Cill Fhínín Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaCreachmhaoil Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, bard Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

File as Contae Mhaigh Eo ab ea Antaine Raiftearaí[1] (30 Márta 1779 nó 1784 (?) - timpeall 24 - 25 Nollaig 1835). Bhí sé dall ó bhí sé ina bhuachaill beag, agus shaothraíodh sé a chuid ag casadh ar an bhfidil i dtithe móra i gContae na Gaillimhe agus i gContae Mhaigh Eo.[2]

Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal -  Tadhg Mac Dhonnagáin - Gradam Uí Shúilleabháin 2015[3]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealraíonn sé gur tháinig Antoine Raiftearaí ar an saol i gCill Liadáin in aice le Coillte Mách, Co. Mhaigh Eo. Níltear ar aon bharúil faoi lá ceart a bhreithe, ná fiú an bhliain. Dúirt Dubhghlas de hÍde gur saolaíodh é "timpeall na bliana 1784", ach is é an t-eolas a bhí ag Séamas Ó hArgadáin ná gurb ar an 30ú lá de Mhí na Márta sa bhliain 1779 a rugadh Raiftearaí, agus is é tuairim Chiaráin Uí Choigligh gurb é seo an t-eolas is údarásúla.

B'as an gCéis, Contae Shligigh d'athair Raiftearaí, agus ina fhíodóir. Shocraigh sé síos i gCill Liadáin lena cheird a chleachtadh ansin. Bhí tagtha chun a bheith ag obair do na Táthaigh (muintir Taaffe) Phós sé bean áitiúil dar shloinne Ní Bhraonáin.[2]

Nuair a bhí Raiftearaí fós ina ghasúr beag, shiúil an bholgach an áit, agus fuair cuid mhór de na páistí bás. B'é an file an t-aon duine clainne amháin de chuid mhuintir Raiftearaí a fágadh beo, nó d'éag an t-ochtar eile acu ar fad, agus chaill Antoine radharc a shúl. Bhí sé cúig bliana nó naoi mbliana d'aois nuair a tharla seo.

Bhí muintir Taaffe, a raibh athair Antaine ag obair ina fhíodóir dófa, sásta a bhflaithiúlacht a thál ar an mbuachaill dall. D’fhostaíodh na Táthaigh é chun dánta a aithris agus chun ceol a sheinm nuair a thagadh daoine ar cuairt chucu. Mar sin chaith Antaine blianta a chéad óige ag seinm agus ag scéalaíocht do na daoine uaisle seo.

Níl sé soiléir cén fáth ar imigh Raiftearaí as teach mór mhuintir Taaffe. De réir leagan amháin, mharaigh sé de thaisme an capall ab fhearr a bhí ag fear an tí, agus chaithfeadh sé imeacht leis i mbéal na séibe. Is féidir freisin go raibh muintir Taaffe féin éirithe ró-bhocht le slí bheatha a chinntiú don éigeas.

Tá an ráfla ann, leis, gurbh í an pholaitíocht ba chúis leis, ó bhí luí ag Raiftearaí leis an bPoblachtánachas agus leis an rúnchumannaíocht. Ar aon nós, tá sé le tuiscint ó na hamhráin pholaitiúla go raibh bá aige le heagraíochtaí réabhlóideacha. B’fhéidir go raibh sé ina bhall de na Buachaillí Bána nó de na Fir Ribín.[2]Mar sin, chaith Raiftearaí an chuid ba mhó dá shaol ag fánaíocht i gContae na Gaillimhe, ag seinm ar an bhfidil agus ag amhránaíocht.

Ní heol dúinn i dtaobh na mná a phós sé, má phós. Bhí bean aige is cosúil, Siobhán, agus rugadh mac agus iníon dóibh. Chuaigh an mac le fidléireacht sa sorcas níos déanaí.

D’éag Raiftearaí i dteach i gCnoc an tSeanleachta i gCreachmhaoil timpeall 24-25 Nollaig 1835. Tá sé curtha i reilig Chill Fhínín (Reilig na bhFilí).[4] Tá eolas i dtaobh a bháis a bhailigh an Bhantiarna Gregory ó sheanfhear sna 1890idí. Cuireadh leac ar an uaigh ar 26 Lúnasa 1900 agus chomh maith le Augusta Gregory, bhí Dubhghlas de hÍde agus W.B. Yeats i láthair an lá sin.[2]

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad Eanach Dhúin, Cill Aodáin, agus Mise Raiftearaí na trí dhán is mó a shamhlaítear leis an bhfile inniu. Ach íorónta go leor, dealraíonn sé nárbh é Raiftearaí féin a chum an tríú ceann acu ar aon nós.[5]

Tá timpeall leathchéad dán ar fáil sna lámhscríbhinní a luaitear le Raiftearaí agus atá insamhlaithe leis.

Mise Raifteirí, an file[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dócha go bhfuil an dán seo bunaithe ar fhíor-bhéaloideas nó ar línte fánacha de chuid Raiftearaí féin, ach b'é Seán Ó Ceallaigh,[6] nó "Baile Chraoch", an chéad duine a d'fhoilsigh Mise Raiftearaí, a cheap an dán mar is eol dúinn inniu é.

Mise Raifteirí, an file,
lán dóchais is grá
le súile gan solas,
ciúineas gan crá
Dul siar ar mo aistear,
le solus mo Chroidhe,
Fann agus tuirseadh,
go deireadh mo shlighe
Féach anois mé 's
mo aghaidh ar bhalla,
Ag seinm ceoil
le pocaibh falamh.

Cill Aodáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh,
Is tar éis na féil Bríde ardóidh mé mo sheol.
Ó chuir mé i mo cheann é ní stopfaidh me choíche
Go seasfaidh mé thíos i lár Chondae Mhaigh Eo.
I gClár Clainne Mhuiris a bhéas mé an chéad oíche,
Is i mBalla taobh thíos de 'thosós mé ag ól,
Go Coillte Mach rachad go ndéanfad cuairt mhíosa ann,
I bhfogas dhá mhíle do Bhéal an Áth' Mhóir.
Fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroíse
Mar éiríos an ghaoth nó mar 'scaipeas an ceo
Nuair a smaoiním ar Cheara nó ar Ghaileang taobh thíos de
Ar Sceathach a'Mhíle nó ar phlánaí Mhaigh Eo.
Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara is sú craobh ann is meas ar gach sórt,
Is dá mbéinnse i mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine
D'imeodh an aois díom is bheinn arís óg.

Eanach Chuain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má fhaighimse sláinte is fada bheidh trácht
Ar an méid a bádh as Eanach Dhúin
'S mo thrua 'márach gach athair 's máthair
Bean is páiste 'tá á sileadh súl
A Rí na nGrást a cheap neamh is párthas
Nar bheag an tábhacht dúinn beirt no triúr
Ach lá chomh breá leis gan gaoth ná báisteach
Lán a bháid acu scuab ar shiúl
Nár mhór an t-íonadh ós comhair na ndaoine
Á bhfeicáil sínte ar chúl a gcinn,
Screadadh 'gus caoineadh a scanródh daoine,
Gruaig á cíoradh 's an chreach á roinnt.
Bhí buachaillí óg ann tíocht an fhómhair
Á síneadh chrochar, is a dtabhairt go cill
'S gurb é gléas a bpósta a bhí dá dtoramh
'S a Rí na Glóire nár mhór an feall.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí tionchar ag tairngreachtaí Phastorini air agus tá mothú láidir seicteach le brath ar chuid dá amhráin. Bhí eolas aige ar stair thraidisiúnta na hÉireann mar is léir ar an dán fada ‘Seanchas na Sceiche

Foirm a shloinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí litriú a chuirtear i bhfeidhm ar ainmneacha na seanfhilí Gaeilge uilig.[1] Ach is dócha gurb é Raiftearaí an duine is mó acu a bhfuil an 'fhadhb̊̊' seo ag baint leis. Feictear idir Raftery, Raiftearaí, Raifteirí, agus fiú, Ó Raifteirí in úsáid.

Is cinnte nach bhfuil an leagan deireanach acu ceart, ós rud é nach bhfuil ann ach an leagan Béarla den ainm a bhfuil "Ó" na Gaeilge curtha leis. Feictear "Ó Reachtaire", "Ó Reachtúra", agus "Ó Reachtubhra(igh)" freisin, agus iad i bhfad níos fearr mar Ghaeilge.

Is é an breithiúnas a thugann Ciarán Ó Coigligh ar an scéal ina leabhar faoi Raiftearaí ná gurb é an leagan Béarla den tsloinne Ó ReachtaireÓ Reachtubhra a bhíodh ag an bhfear féin agus ag lucht a chomhaimsire. Mar sin, roghnaigh seisean an leagan Raiftearaí, ó bhí sé den bharúil gurb é an leagan ba chóngaraí d'úsáid an phobail.

Tugtar An Reachtúireach air scaití.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Clár 'Mise Raifterí' ar TG4 (níl aon nasc ann sa bhliain 2020)

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ó COIGLIGH, Ciarán: Raiftearaí - Amhráin agus Dánta. Leabhair Thaighde, an 53ú hImleabhar. An Clóchomhar Teoranta, Baile Átha Cliath 1987/2000[5]
  • Ó TUAMA, Seán agus Thomas Kinsella: An Duanaire 1600-1900 - Poems of the Dispossessed. Dolmen Press i gcomha le Bord na Gaeilge 1981/1994

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 nó Antoine Raftery, Ó Reachtaire, Ó Reachtúra, Ó Reachtubhra nó fiú Ó Reachtabhra srl
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 "RAIFTEARAÍ, Antaine (1779–1835)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-12-24.
  3. "Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal- Gradam Uí Shúilleabháin 2015" (ga). www.futafata.ie. Dáta rochtana: 2022-12-25.
  4. "Cill Fhínín/Killeeneen" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-12-24.
  5. 5.0 5.1 Ciarán Ó Coigligh. "Raiftearaí: Amhráin agus Dánta | An Clóchomhar". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-10. Dáta rochtana: 2020-12-24.
  6. bhí cónaí air in Oswego, Stát Nua-Eabhrac. Cuireadh i gcló é in An Gaodhal 18 Iúil 1882.