Séamas Ó hArgadáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séamas Ó hArgadáin
Saol
Eolas breitheCathair na Mart, 1782
NáisiúntachtÉire
Bás1855
Oideachas
Teangachaan Béarla
An Ghaeilge
Gairm
Gairmúdar, leabharlannaí, staraí agus file dlíodóra
Gaillimh sa bhliain 1651ː léarscáil sa leabhar Stair Chathair agus Chontae na Gaillimhe le Hardiman

Dlíodóir, leabharlannaí, bailitheoir ceoil agus staraí Éireannach ab ea Séamas Ó hArgadáinJames Hardiman; (t. 1782- 13 Samhain 1855). In 1820 foilsíodh, ar a chostas féin, a mhórshaothar, 'Stair Chathair agus Chontae na Gaillimhe'.[1] [2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharlann James Hardiman i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe inniu

Rugadh an tArgadánach timpeall na bliana 1782 i gContae Mhaigh Eo, áit a raibh eastát beag ag a athair is cosúil.[3] Ní heol cár cuireadh oideachas air. Bhí aistrithe go Gaillimh ag an teaghlach agus siopa ag an athair ann.[4]

Sa bhliain 1811, chuaigh sé ag obair i gCaisleán Átha Cliath mar fhochoimisinéir in Oifig na dTaifead Poiblí. 19 bliain a chaith sé ann (1811-1830).

Fuair an tArgadánach oiliúint an dlíodóra. Cháiligh sé mar aturnae sa bhliain 1815 agus b'fhéidir níos mó ná 30 bliain air ag an am.

Ba í an leabhar Stair Chathair agus Chontae na Gaillimhe, a fhoilsigh an Argadánach sa bhliain 1820, ba mhó a thuill clú don Argadánach. Tá an leabhar ar fáil anseo ar an Idirlíon.[5][6] Chruasaigh sé go leor seanchais eile, mar shampla, ‘A Collection of Lyrical Compositions consisting of Songs, Jacobite Relics, etc., in the Irish Language; By the most celebrated Bards of the Province of Munster during the Eighteenth Century’.[7][3]

Nuair a cuireadh deireadh le hOifig na dTaifead Poiblí in 1830 d’aistrigh Hardiman go Gaillimh. Ceapadh sé ina dhlíodóir oifigiúil ag Coimisinéirí na Gaillimhe.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Irish Archaeological Society in 1840 agus an Chumainn Cheiltigh in 1846.

Sa bhliain 1845, bunaíodh Coláiste na Banríona[8][9] i gCathair na Gaillimhe - inniu, Ollscoil na Gaillimhe. Tairgeadh ollúnacht na Gaeilge dó nuair a bhí Coláiste na Banríona á bhunú i nGaillimh ach níor ghlac sé léi. Ina ionad sin ceapadh é ina leabharlannaí sa Choláiste

Bhí sé ina bhall gníomhach d'Acadamh Ríoga na hÉireann, agus rinne sé cion fir ag cur cheol traidisiúnta na hÉireann i míotar agus i dtaisce le haghaidh na nglúnta a tháinig ina dhiaidh.

"Leabharlann Uí Argadáin" atá ar an leabharlann inniu féin, i ndilchuimhne ar an Argadánach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The History of the Town and County of the Town of Galway from the Earliest Period to the present time
  2. Paul Walsh (1992). "An Account of the Town of Galway". Journal of the Galway Archaeological and Historical Society 44: 47–118. ISSN 0332-415X. 
  3. 3.0 3.1 "HARDIMAN, James (1782–1855)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-11-13.
  4. Boran, Marie (aran.library.nuigalway.ie) (2017). "James Hardiman - 19th century scholar and Mayo man". Dáta rochtana: 2020.
  5. "Hardiman's History of Galway". web.archive.org (2008-02-26). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-02-26. Dáta rochtana: 2020-11-13.
  6. James Hardiman. ""special edition" of James Hardiman's (1782-1855) 'History of the Town and County of Galway'". Dáta rochtana: 2020.
  7. le fáil i lámhscríbhinn i Leabharlann na Breataine
  8. Bunaíodh Coláistí na Banríona sa bhliain 1845 i nGaillimh, i mBéal Feirste agus i gCorcaigh. Nascadh na coláistí seo le chéile sa bhliain 1850 faoin ainm Queen's University of Ireland.
  9. "Our History & Heritage - NUI Galway". www.nuigalway.ie. Dáta rochtana: 2020-11-13.