Anraith cainneann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaAnraith cainneann
Bunús
Tír dhúchaisan Bhreatain Bheag
Sonraí
Cineálanraith glasraí agus bia
Príomh-chomhábhairpráta agus cainneann

Is éard is anraith cainneann (Breatnais: cawl cennin ) ann ná anraith atá bunaithe ar phrátaí, cainneanna, brat [1] (sicín de ghnáth), agus uachtar trom.[2] Is féidir úsáid a bhaint as comhábhair eile, a leithéid agus salann, piobar, agus spíosraí éagsúla.

Go ginearálta díslítear na prátaí agus cócaráiltear iad i mbrat, agus gearrtar agus sótáiltear na cainneanna agus sótáiltear iad. Tar éis seo, cuirtear na comhábhair go léir le chéile agus corraítear iad. Is féidir síobhais a úsáid le haghaidh gairnise.

Is gnách go mbíonn baint ag anraith cainneann leis an mBreatain Bheag, agus is mír thábhachtach é de chócaireacht na Breataine Bige. Sa Rómáin, tá an-tóir ar an anraith seo agus tugtar Ciorbă de praz air, agus sa Fhrainc tugtar Soupe aux poireaux air. Rogha eile d'anraith cainníneach is ea vichyssoise, a fhreastalaítear fuar go hiondúil.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Not Your Mother's Slow Cooker Cookbook" (2004-12-21). Harvard Common Press. 
  2. "Bouchon" (2004-11-15).