Jump to content

Aneas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí NuachtánAneas
Fotheideal"Belles lettres as Gaeilge"
Cineáltréimhseachán agus iris liteartha
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh2020 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Eatramh foilsitheBliantachán
SeánraIris liteartha
Príomhábharfilíocht, gearrscéalta, léirmheasanna
EagarthóirSimon Ó Faoláin Cuir in eagar ar Wikidata
Foilsithe iÉire
Formáid dáilteI gcló

Iris bhliantúil is ea Aneas atá tiomnaithe go hiomlán don chuid is fearr de litríocht chomhaimseartha na Gaeilge agus a tháinig amach sa bhliain 2020 den chéad uair. Dar le lucht a foilsithe is iris í a léiríonn go bhfuil neart, ealaín, pléasúr agus tathag ag baint le litríocht na teanga sinseartha in Éirinn. Is é an file Simon Ó Faoláin atá ina eagarthóir ar an iris.

Laistigh dá clúdach, geobhair filíocht, gearrscéalta agus léirmheasanna doimhne ó na scríbhneoirí is fearr atá ag saothrú na Gaeilge inniu, idir óg is aosta.

Is é an mana eagarthóireachta a leagadh amach don iris, thar aon rud eile, ná caighdeán ard scríbhneoireachta. Tá an caighdeán ard seo bunaithe go daingean leis an gcéad eagrán seo d'Aneas, agus an t-iomlán leagtha amach i stíl deartha atá lom, ealaíonta. Tá trí cinn d'eagráin tagtha amach go dtí seo.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Suíomh oifigiúil: Aneas