Simon Ó Faoláin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSimon Ó Faoláin
Beathaisnéis
Breith1973
50/51 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, seandálaí, aistritheoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

File, seandálaí agus aistritheoir é Simon Ó Faoláin a saolaíodh i mBaile Átha Cliath agus a tógadh in Iarthar Dhuibhneach ón uair a bhí sé seacht mbliana d’aois. Rugadh Ó Faoláin sa bhliain 1973. Dhein sé staidéar ar an tseandálaíocht agus chaith sé blianta fada ag obair san earnáil phríobháideach mar stiúrthóir tochailte agus i gcúrsaí acadúla sa Léann Ceilteach, é ina údar nó ina chomhúdar ar roinnt leabhar acadúil. Rinneadh é a oiliúint ina sheandálaí in ollscoileanna na Gaillimhe agus Aberystwyth sa Bhreatain Bheag. Is scríbhneoir agus aistritheoir Gaeilge lánaimseartha é anois. Foilsíodh ceithre chnuasach filíochta dá chuid, agus tá dhá leabhar d'aistriúcháin liteartha foilsithe aige, leis.

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na ngradam atá buaite aige dá chuid scríbhneoireachta tá Duais Glen Dimplex, Duais Strong, Duais Bhaitéar Uí Mhaicín, Duais Cholm Cille agus Duais Foras na Gaeilge. Tá cuid mhaith spárántachtaí bronnta air ag An Chomhairle Ealaíon agus eagrais eile. Tá sé ina stiúrthóir ar An Fhéile Bheag Filíochta, féile dhátheangach ealaíne bhliantúil ar an mBuailtín, agus ina eagarthóir ar an iris liteartha Gaeilge Aneas.

Bhuaigh a chéad chnuasach filíochta, Anam Mhadra (Coiscéim, 2008) Duais Glen Dimplex na Gaeilge agus Duais Eithne agus Rupert Strong. Tá Duais Cholmcille agus Duais Fhoras na Gaeilge araon buaite aige fé dhó. Bhuaigh sé Duais Bhaitéar Uí Mhaicín 2010 ó Thaibhdhearc na Gaillimhe dá chéad dráma, An Poll. Sa dara leabhar filíochta uaidh, As Gaineamh (Coiscéim, 2011), deirtear go raibh tionchar a ghairme mar sheandálaí agus a thaithí mar athair le brath go mór ar a chuid filíochta. Dúradh freisin go raibh ceisteanna faoi iontaoibh radharc ár súl agus ár gcuimhne i dtreis go mór ina thríú cnuasach, Fé Sholas Luaineach (Coiscéim, 2014).

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhair eile le Simon Ó Faoláin

Cnuasaigh Filíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Anam Mhadra, Coiscéim, BÁC, 2008
  • As Gaineamh, Coiscéim, BÁC, 2011
  • Fé Sholas Luaineach, Coiscéim, 2014
  • Iasachtaigh, Coiscéim, 2022 ina bhfuil cnuasach soinéad faoi bheatha Cholm Cille, Coiscéim.

Leabhrán Maisithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baile do Bhí/A Home That Was, Púca Press, 2014

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]