Aberystwyth
| Aberystwyth (en) Aberystwyth (cy) | |||||
| Ainmnithe in ómós | Abhainn Ystwyth | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
| Comhthír na Ríochta Aontaithe | an Bhreatain Bheag | ||||
| Contaebhuirg na Breataine Bige | Ceredigion | ||||
| Príomhchathair de | |||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 13,040 (2011) | ||||
| • Dlús | 2,452 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Achar dromchla | 531.81 ha | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Bá Ceredigion agus Abhainn Ystwyth | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 1109 | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | SY23 | ||||
| Glaochód | 01970 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | aberystwyth.gov.uk | ||||
Cathair sa Bhreatain Bheag is ea Aberystwyth ("Inbhear an Ystwyth" .i. na habhann solúbtha nó aclaí;[1]
Fuaimniú). Tá Ollscoil Aberystwyth agus Leabharlann Náisiunta na Breataine Bige suite sa chathair.
Is in Aberystwyth a scríobh Caerwyn Williams Traidisiún Liteartha na nGael i mBreatnais, gan trácht ar Storïau ac Ysgrifau Pádraic Ó Conaire, aistriúchán ar shaothar an údair chéanna.[2] Agus í ag tabhairt faoi chéim máistreachta sa Ghaeilge in Ollscoil Aberystwyth, d'aistrigh Felicity Roberts Mo Bhealach Féin Sheosaimh Mhic Grianna go Breatnais.[3]
Is ar an mbaile seo freisin a cuireadh Foclóir Breatnais–Gaeilge Joe Mitchell i dtoll a chéile don chuid is mó.[4]
I ngeall ar an gcaoi go raibh Mitchell agus a bhean ag tógáil clainne le Gaeilge chomh maith le Breatnais, agus ar dhaoine eile sa chomharsanacht, thug Diarmuid Johnson "mionGhaeltacht" ar phobal beag na Gaeilge ann,[3][2]
"Gaeltacht gan stát gan náisiún, Gaeltacht gan deontas gan déirc, Gaeltacht gan acht gan agóid, Gaeltacht gan talamh gan teorainn, Gaeltacht gan údarás gan aitheantas, Gaeltacht gan chlub gan chumann, gan ionad gan áras. Agus ba mhaith sin. Nach amhlaidh a bhí in Éirinn féin fadó roimh aimsir an Stáit!"[3]
Comhchathracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Joe Mitchell (2017). "aber; ystwyth". Foclóir Breatnais–Gaeilge.
- 1 2 Diarmuid Johnson (Deireadh Fómhair 2013). "Gaeltacht Aberystwyth agus Foclóir Nua". Beo! (Eagrán 150).
- 1 2 3 Diarmuid Johnson (2021). "Seacht dTír Seacht dTeanga": lgh 43-45. Leabhar Breac.
- ↑ "Joe Mitchell: Creu’r geiriadur Cymraeg-Gwyddeleg cyntaf / Creating the first Welsh-Irish dictionary" (as Gaeilge, Breatnais ⁊ Béarla). Parallel.cymru (2018-10-06). Dáta rochtana: 2025-11-18.
| Is síol faoi thíreolaíocht na Breataine Bige é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
