Jump to content

An tAfra-Thodhchaíochas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bean suite chun boird, ag síniú leabhar
Octavia E. Butler

Is gluaiseacht liteartha agus ealaíne é an tAfra-Thodhchaíochas "ina bpléitear diaspóra mhuintir na hAfraice i gcomhthéacs na teicneolaíochta trí fhicsean amhantrach – athinsint staire, fantaise agus ficsean eolaíochta."[1]

I measc na ndaoine a luaitear mar cheannródaithe ghluaiseacht an Afra-Thodhchaíochais tá "Janelle Monáe i réimse an cheoil, Octavia E. Butler i réimse na scríbhneoireachta, Jean-Michel Basquiat agus Ellen Gallagher i réimse na healaíne"[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Banna ceoil mór ar an stáitse
Run Ra

Téann fréamhacha na gluaiseachta siar fada go leor, ó "Sun Ra, seinnteoir snagcheoil a bhí ag seinm ó na 1950í go dtí na 1990í go Janelle Monáe sa lá atá inniu ann. Chruthaigh Sun Ra cineál de phearsa idir-réaltach dó féin, pearsa a bhí ar aon dul leis an cheol turgnamhach aisteach a bhí á sheinm ag a bhanna cheoil." Ar oidhrí eile dá chuid siúd sa lá atá inniu ann d'fhéadfaí a lua "George Clinton agus Parliament-Funkadelic, Kool Keith agus FKA Twigs i measc neart ceoltóirí eile."[1]

Tugann an comhthéacs leithleach deis don ealaíontóir "smaointí faoi dhiaspóra, chultúr agus chiníochas, i measc go leor eile, a chur chun cinn ar dhóigh úr."[1]

Luaitear mar ghné atá "suimiúil ann féin" an tAfra-Thodhchaíochas den scannán mór le rá Meiriceánach Black Panther ina gcónaíonn "pobal Wakanda fé phlús, timpeallaithe ag spáslonga agus teicneolaíocht an todhchaí, i bhfolach ón domhain mór [...] agus is acusan atá an teicneolaíocht is déanaí ar féidir léi an domhan (agus na daoine geala “sean-nósacha”) a shábháil."[3][4]

Tá an tAfra-Thodhchaíochas ar cheann de réimsí taighde an ealaíontóra scannáin Kapwani Kiwanga, arbh í ealaíontóir cónaithe í i mBaile Uí Bheoláin i rith Fhéile Inis Cealtra 2013.[5]

Tá an focal féin in úsáid ó 2013 i leith, ar a dhéanaí.[5][6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Dónal de Brún (11 Lúnasa 2021). "Léirmheas: Tinte na Farraige Duibhe". RTÉ. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Márta 2024. Dáta rochtana: 21 Bealtaine 2024.
  2. "Scéim Cónaitheachta AAG ar Oiléan Chléire 2024". AerachAiteachGaelach (05 Nollaig 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 25 Márta 2024.
  3. Natália Uí Fhaoláin (23 Feabhra 2018). "Black Panther". Dungarvan Observer (106): lch 50. 
  4. Natália Uí Fhaoláin. "The Black Panther". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Bealtaine 2021. Dáta rochtana: 22 Bealtaine 2024.
  5. 5.0 5.1 "Ealaíontóir cónaithe ‘Confluence’ ag Féile Ealaíon Inis Cealtra 2013". An Chomhairle Ealaíon. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 21 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 22 Bealtaine 2024, 2024.
  6. róislín (09 Lúnasa 2013). "Speaking of ‘Antidisestablishmentarianism’ (i nGaeilge, ar ndóigh)". Transparent Language. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 21 Bealtaine 2024. Dáta rochtana: 22 Bealtaine 2024, 2024.