An Tiarna Rayleigh
Cuma
Fisiceoir a rugadh i Maldon, Shasana ab ea John William Strutt, An Tiarna Rayleigh (12 Samhain 1842 – 30 Meitheamh 1919). Rinne sé taighde bunúsach ar fhuaim is solas agus a nádúr tonnach go háirithe.
Tugtar scaipeadh Rayleigh ar scaipeadh tonn ag páirteagail an-bheaga (cuid mhaith níos lú na tonnfhad na toinne). Le William Ramsay, d'aimsigh sé argón don chéad uair i 1894.
Chuidigh sé le socrú na n-aonad leictreach. Rinne sé staidéar ar dhlús na ngás is feidhmiú dhlí Boyle i ngáis faoi bhrú an-íseal. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1904.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "An Tiarna Rayleigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 550.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |