Scaipeadh Rayleigh
Appearance
Scaipeadh solais (agus tonn eile) ag réada atá beag i gcomparáid le tonnfhad an tsolais. Méadaíonn sé leis an minicíocht i gcumhacht 4. Rinne an Tiarna Rayleigh taighde air seo agus chuir síos air den chéad uair. Scaipeadh Rayleigh sholas na Gréine ag móilíní an aeir is cúis le goirme fhollasach na spéire, mar scaiptear an solas gorm (le tonnfhaid ghearra) níos mó ná na dathanna eile i speictream na Gréine.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Scaipeadh Rayleigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 550.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |