An Mhordóiv
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Poblacht na Mordóive (Gaeilge) Республика Мордовия (Rúisis) Мордовия Республикась (Moicsis agus Éarsais) | |
---|---|
![]() ![]() | |
Tíreolaíocht | |
Stádas: | Poblacht |
Réigiún Eacnamaíochta: | Réigiún Eacnamaíochta Volga-Vyatka |
Réigiún Conaidhme: | Ceantar Conaidhme Volga |
Achar: | 26200 km² |
Príomhchathair: | Saransk |
Déimeagrafaic | |
Daonra: - Iomlán (meas2002) - Dlús daonra |
888,766 34/km² |
Teangacha oifigiúla: | Rúisis, Moicsis, Éarsais |
Polaitíocht | |
Poblacht na Mordóive | |
Uachtarán na Mordóive: | Nícolaidh Méirciúiscin |
Príomh-Aire an Rialtais: | Vlaidímír Volcóv |
Suíomh sa Rúis | |
![]() |
Poblacht chónaidhme de chuid na Rúise is ea an Mhordóiv.
Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Achar: 26,200 km²
- Teorainneacha:
- Teorainneacha inmheánacha:Cúige Nizhny Novgorod (Thuas), An tSuvais (Thoir), Cúige Ulyanovsk (Thoir), Cúige Penza (Theas), Cúige Ryazan (Thiar)
- An ball is airde sa Phoblacht: 324 m (áit gan ainm atá suite ar chrosbhóthar idir Bolshoy Maresev, Mokshaley, Pyaigiley agus Picheury)
Crios Ama[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an Mhordóiv suite i gcrios ama Moscó (MSK/MSD).
Aibhneacha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá níos mó ná 114 abhainn sa Mhordóiv. Seo iad na príomhaibhneacha a leanas:
Lochanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá timpeall cúig chéad loch sa phoblacht.
Acmhainní nádúrtha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá móin, uisce mianraí agus acmhainní eile le fáil sa Mhordóiv.
Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Meánteocht i Mí Eanáir: −11 °C
- Meánteocht i Mí Iúil: +19 °C
- Meán-bháisteach: ~500 mm
Na hAonaid Riaracháin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá Poblacht na Moldóive roinnte ina 22 réigiún. Féach Aonaid Riaracháin na Moldóive.
Pobal[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Daonra: 888,766 (2002)
- sna cathracha: 531,478 (59.8%)
- faoin tuath: 357,288 (40.2%)
- Fir: 408,556 (46.0%)
- Mná: 480,210 (54.0%)
- Meánaois: 38.7 bliain
- sna cathracha: 36.8 bliain
- faoin tuath: 41.3 bliain
- Fir: 35.9 bliain
- Mná: 41.2 bliain
- Buntoisí (2005)
- Breitheanna: 7,394 (ráta beireatais 8.6)
- Básanna: 14,823 (ráta báis 17.2)
- Dreamanna eitneacha
Ainm Rúiseach is ea "na Mordóvaigh" agus é ag tagairt do dhá dhream eitneacha éagsúla, mar atá, na hÉarsaigh agus na Moicsigh. Dá réir sin, tá dhá theanga ag na Mordóvaigh, an Éarsais agus an Mhoicsis, agus níl siad intuigthe go rómhaith ag cainteoirí a chéile. Tá gaol sách dlúth acu le chéile, áfach, agus is minic a ghlactar leis gur canúintí iad agus gur chóir iad a nascadh dá chéile mar aon teanga amháin, an Mhordóivis.
De réir dhaonáireamh na Rúise sa bhliain 2002, is Rúisigh iad an chuid is mó den daonra (60.8%). Mordóvaigh iad 31.9% den daonra. An chuid eile de mhuintir na poblachta, is Tataraigh agus Úcráinigh iad.
daonáireamh 1939 | daonáireamh 1959 | daonáireamh 1970 | daonáireamh 1979 | daonáireamh 1989 | daonáireamh 2002 | |
---|---|---|---|---|---|---|
Mordóvaigh | 405,031 (34.1%) | 357,978 (35.8%) | 364,689 (35.4%) | 338,898 (34.2%) | 313,420 (32.5%) | 283,861 (31.9%) |
Rúisigh | 719,117 (60.5%) | 590,557 (59.0%) | 606,817 (58.9%) | 591,212 (59.7%) | 586,147 (60.8%) | 540,717 (60.8%) |
Tataraigh | 47,386 (4.0%) | 38,636 (3.9%) | 44,954 (4.4%) | 45,765 (4.6%) | 47,328 (4.9%) | 46,261 (5.2%) |
Úcránaigh | 7,586 (0.6%) | 6,554 (0.7%) | 6,033 (0.6%) | 5,622 (0.6%) | 6,461 (0.7%) | 4,801 (0.5%) |
Grúpaí eile | 8,884 (0.7%) | 6,468 (0.6%) | 7,069 (0.7%) | 8,012 (0.8%) | 10,148 (1.1%) | 13,126 (1.5%) |
Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is iad na scoileanna ardoideachais is tabhachtaí sa phoblacht ná Ollscoil Stáit na Mordóive agus Institiúid Oideolaíochta Stáit na Moldóive i Saransk.
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: An Mhordóiv |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |