Jump to content

An Ghluaiseacht Neamhailínithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Ghluaiseacht Neamhailínithe
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrNAM, MNA, MPNA, MNOAL, NOAL, MPNA, ՉՄՇ, MNA, MNA, BOL agus LGHM Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáleagraíocht idir-rialtasach
eagraíocht idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Cuspóir an tionscadail nó na gníomhaíochtasíocháin Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1 Meán Fómhair 1955
Bunaitheoir(í)Jawaharlal Nehru, Josip Broz Tito agus Gamal Abdel Nasser Cuir in eagar ar Wikidata
Ócáid shuntasach
Non-Aligned Movement summits (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
UachtaránachtNicolás Maduro Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Suíomh gréasáinhttps://nam.go.ug/

Is éard atá sa Ghluaiseacht Neamhailínithe, ná fóram 120 ballstát nach bhfuil i gcomhghuaillíocht fhoirmeálta ar bith - is é sin nach bhfuil ina mballstáit d'aon chomhghuaillíocht mhíleata. Is í an dara heagraíoht idirnáisiúnta is mó í, i ndiaidh na Náisiún Aontaithe. Tíortha i mbéal a bhforbartha, nó tíortha tearcfhorbartha fiú, atá iontu go bunúsach.

Tháinig gluaiseacht na dtíortha neamhailínithe ar an bhfód i ré an Chogaidh Fhuair, nuair a rinne tíortha áirithe iarracht gan dul leis an deighilt dhomhanda idir comhghuaillithe na Stát Aontaithe (ECAT) agus comhghuaillithe an Aontais Shóivéadaigh (Comhaontú Vársá).[1] Socraíodh prionsabail na gluaiseachta i gComhdháil Bandung sa bhliain 1955 agus bunaíodh an ghluaiseacht go foirmeálta i mBéalgrád sa bhliain 1961. Ba iad Príomh-Aire na hIndia Jawaharlal Nehru, Uachtarán na hIúgslaive Josip Broz Tito, Uachtarán na hÉigipte Gamal Abd al Nasir, Uachtarán Ghána Kwame Nkrumah, agus Uachtarán na hIndinéise Sukarno tionscnóirí na Gluaiseachta.[2][3][4] Níor tosaíodh ag baint úsáide as an téarma An Ghluaiseacht Neamhailínithe ach i gcúigiú comhdháil na gluaiseachta, sa bhliain 1976.

Ba é Fidel Castro a chuir i bhfoclaibh cuspóir na heagraíochta i bhForógra La Habana sa bhliain 1979 mar seo: "cinntiú an neamhspleáchais náisiúnta, an fhlaithis, na sláine críche agus na slánála do na tíortha neamhailínithe" agus iad "ag streachailt leo in aghaidh an impiriúlachais, an choilíneachais, an nua-choilíneachais, an chiníochais agus gach cineál ionsaí ón gcoigríoch, forghabhála, forlámhais, trasnaíochta nó mórcheannais agus in aghaidh an chineál polaitíochta atá bunaithe ar cheannas na mórchumhachtaí agus ar na blocanna."[5][6] Tá beagnach dhá dtrian de bhallstáit na Náisiún Aontaithe ina mballstáit den Ghluaiseacht Neamhailínithe, agus tá 55 % de dhaonra an Domhain ina gcónaí sna tíortha seo. Tíortha de chuid an Tríú Domhan an chuid is mó de na tíortha neamhailínithe, cé go bhfuil náisiúin áirithe lánfhorbartha ann chomh maith.

Cé go raibh cuid nár bheag de na tíortha neamhailínithe sách cairdiúil leis an tSínan tAontas Sóivéadach i mblianta an Chogaidh Fhuair, agus coimhlintí áirithe taobh istigh den Ghluaiseacht dá réir, tháinig an Ghluaiseacht slán as an gCogadh Fuar. Sna blianta i ndiaidh dheireadh an Chogaidh Fhuair dhírigh an ghluaiseacht ar chomhoibriú iltaobhach a fhorbairt agus aontas na náisiún i mbéal a bhforbartha a chur chun dinn, go háirithe idir na tíortha arb iad an Deisceart Domhanda iad.

  1. "Non-Aligned Movement - Ministry of Foreign Affairs of the Republic of Belarus".
  2. Nehru, Jawaharlal (2004). "Jawaharlal Nehru.: an autobiography.". Penguin Books. OCLC 909343858. 
  3. "Non-Aligned Movement | Definition, Mission, & Facts" (en).
  4. Mukherjee, Mithi (2010). "'A World of Illusion': The Legacy of Empire in India's Foreign Relations, 1947-62.". The International History Review 32: 2 (2): 253–271. doi:10.1080/07075332.2010.489753. JSTOR 25703954. 
  5. "Fidel Castro speech to the UN in his position as chairman of the non-aligned countries movement 12 October 1979". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 Meitheamh 2011. Dáta rochtana: 7 Samhain 2024.
  6. "Pakistan & Non-Aligned Movement" Curtha i gcartlann 2 Deireadh Fómhair 2006 ar an Wayback Machine. Board of Investment Government of Pakistan. 2003.