An Dún Theas (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Dún Theas

Suíomh
Map
 54°14′04″N 5°56′20″W / 54.234402°N 5.939°W / 54.234402; -5.939
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla1,250.442 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú23 Feabhra 1950

Is toghcheantar i dTeach Theachtaí na Ríochta Aontaithe é An Dún Theas. Cruthaíodh sa bhliain 1950 é. Is é Chris Hazzard (SF) sealbhóir reatha an tsuíocháin.

Enoch Powell ina bhaile féin i Londain, 1987

1974

Margaret Ritchie

I mí Dheireadh Fómhair 1974, fuair Enoch Powell, caomhach frith-inimirce i bhfad amach ar an eite dheis, dídean sa Pháirtí Aontachtach Uladh. Bhí na dilseoirí ag cur síos air mar fháidh ag an am agus toghadh Powell mar MP sa Dún Theas don chéad uair.[1] 1987 Bua ar gheall le crith talún polaitiúil ab ea é i 1987 nuair a bhain Eddie McGrady an SDLP an suíochán san Dún Theas de Enoch Powell an sean-chaomhach frith-inimirce a bhí ina fheisire don UUP ó 1974.[2]

Chris Hazzard, 2023

Ghlac McGrady seilbh dhocht ar an suíochán agus ba é an scéal céanna é ag Margaret Ritchie a toghadh i gcomharbacht air in 2010. Ceapadh go raibh seans maith ag Sinn Féin in 2015 nuair a tháinig Hazzard i gcomharbacht ar Chaitríona Ruane mar iarrthóir. Theip orthu agus bhí móramh gar do 6,000 vóta ag Margaret Ritchie. Cé gur thit vóta an SDLP níor mhéadaigh vóta Shinn Féin. 42.3% an sciar den vóta a bhí ag an SDLP i gcomparáid le 28.5% do Shinn Féin.

Bhí beagnach 16% ag an DUP.[2] Ach fuair Ritchie tacaíocht ó vótóirí aontachtacha, an chuid is mó acu ag iarraidh a chinntiú nach dtoghfaí iarrthóir de chuid Shinn Féin.

2017

Coimhlint an-mhór a bhí ann i 2019 idir Margaret Ritchie, iarcheannaire an SDLP agus Chris Hazzard Teachta Tionóil agus iar-aire i Stormont de chuid Shinn Féin.[2] Fuair Hazzard an ceann is fearr ar Ritchie. Mhéadaigh vóta Shinn Féin 11% agus thit sciar an SDLP 5%. Bhí gar do 2,500 de mhóramh ag Hazzard.

Chuaigh Ritchie go Teach na dTiarnaí – d’fhág sí an SDLP chun é sin a dhéanamh mar gur sárú é ar pholasaí an pháirtí a bheith i do bhall den teach sin.

2019

In 2019 b'idir Chris Hazzard, a bhí ag cosaint a shuíocháin den chéad uair, agus Michael Savage, iarrthóir nua an SDLP, an comórtas.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Robert McMillen (Mei 2014). "An Fóidín Meara" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-03-31.
  2. 2.0 2.1 2.2 Póilín Ní Chiaráin (4 Meitheamh 2017). "TOGHCHÁN WESTMINSTER: Suíocháin de chuid an SDLP faoi bhrú sa Dún Theas agus i mBéal Feirste Theas" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-31.
  3. "Beidh ar a laghad feisire parlaiminte nua amháin i gcontae an Dúin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-11-27). Dáta rochtana: 2024-03-31.