An Choróin Mhuire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an Paidrín

Deabhóidí shacraiminteach agus Mhuire de chuid na hEaglaise Caitlicí is ea an Choróin Mhuire (ón Laidin 'rosarium', brí "rós-ghairdín" nó "bláthfhleasc") nó an Paidrín dírithe ar urnaí agus ar chomóradh na n-eachtraí a tharla le linn d'Íosa Críost bheith beo​​.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir traidisiúin fuair Naomh Dominic an phaidir seo díreach ón Maighdean Mhuire i Languedoc na Fraince sa bhliain 1206. Scaip na Doiminicigh an deabhóid ar fud na hEaglaise.

I lár an séú aois déag d'eagraigh an Pápa N. Píus V, Doiminiceach é féin, feachtas paidreoireachta, agus an Phaidrín go h-airithe, ar son an Léig Naofa a bhí ag troid i  gcoinne fhórsaí Otamánach an Oirthair. Tharla cath mór Lepanto a thosaigh meath ar Impireacht na Moslamach san Eoraip. Mar cheiliúradh ar sin bhunaigh sé féile "Beantiarna na Bua" agus tar éis tamaill athraíodh é go "Féile an Phaidrín Ró-Naofa" mar atá againn go dtí an lá atá inniu ann. Is ar an 7ú lá Deireadh Fómhair 1571 lá an chatha agus ar an lá sin atá an fhéile inniu.

Na paidreacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cré na nAspal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidim i nDia, an tAthair Uilechumhachtach, Cruthaitheoir Neimhe agus Talún, agus in Íosa Críost a Aonmhacsan ár dTiarna, a gabhadh ón Spiorad Naomh, a rugadh ó Mhuire ógh, a d'fhulaing páis faoi Phointeas Píolóid, a céasadh ar an gcrois, a fuair bás agus a adhlacadh, a chuaigh síos go hIfreann, a d'aiséirigh an treas lá ó mhairbh, a chuaigh suas ar Neamh, atá ina shuí ar dheasláimh Dé an tAthair Uilechumhachtach, as sin tiocfaidh sé chun breithiúntas a thabhairt ar bheo is ar mhairbh. Creidim sa Spiorad Naomh, sa naomh-Eaglais Chaitliceach, i gComaoin na Naomh, i Maithiúnachas na bPeacaí, in Aiséirí na Colainne agus sa Bheatha Shíoraí. Áiméin.

Ár nAthair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ár nAthair, atá ar Neamh, go naofar d'ainm, go dtaga do ríocht, go ndéantar do thoil ar an dtalamh mar a dhéantar ar neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu, agus maith dúinn ár bhfiacha mar a mhaithimídinne dár bhfiacha féin, agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc. Áiméain.

Is é do Bheatha, a Mhuire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat. Is beannaithe thú idir na mná agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa. A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé, guígh orainn na peacaigh,anois agus ar uair ár mbáis. Áiméin.

Glóir don Athair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glóire don Athair is don Mhac is don Spriod Naomh, mar a bhí ar dtús, mar atá anois, agus mar a bheidh go brách, trí shaol na saol. Áiméin.

Paidir Fatima[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó a Íosa, maith dúinn ár bpeacaí, saor sinn ó thinte Ifrinn, agus stiúir anam gach duine go flaithis Dé, go háirithe iad súd atá i bhfíor-ghéarghá do thrócaire. Áiméin.

Is é do Bheatha, a Bhanríon Naofa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go mbeannaíthear duit, a Bhanríon Naofa, a Mháthair na Trócaire, go mbeannaíthear duit, is tu ár mbeatha, ár mílseacht is ár ndóchas. Is ortsa a ghlaoimid, clann bhocht dhíbeartha Éabha, is chughatsa a chuirimíd suas ár n-urnaí, ag caoineadh agus ag gol sa ghleann seo na ndeor. Iompaigh orainn, dá bhrí sin, a Choimirce, a chaomhuasail, do shúile atá lán de thrua, agus nuair a bheidh deireadh lenár n-íobairt ar an saol seo (tar éis na deoraíochta seo), tabhair radharc dúinn ar thoradh do bhroinne, Íosa, a Mhaighdean Mhuire róthrócaireach, róghrámhar, rómhilis. Guigh orainn a naomh-Mháthair Dé, ionas gur mb'fhiú sinn gealltanais Chríost. Áiméin.

A Athair Shíoraí, gur cheannaigh t'Aonmhac dúinn, lena bheatha, lena bhás, is lena aiséirí, aoibhneas síoraí na bhFlaitheas, tabhair dúinn, achnaímíd ort, do ghrásta, ionas ag machnamh dúinn ar na rúndiamhra seo na Corónach Mhuire, go dtiocfadh linn do thoil naofa a dhéanamh agus an t-aoibhneas síoraí sin do shroichint, trí Íosa Críost ár dTiarna. Áiméin.

Na Rúndiamhra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rúndiamhra Sólásacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rúndiamhra Soilseacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rúndiamhra Dólásacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rúndiamhra Glórmhara[cuir in eagar | athraigh foinse]

Náisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

http://pourlerosaire.free.fr/ Curtha i gcartlann 2008-11-27 ar an Wayback Machine