An Chincís

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cincís)
Jump to navigation Jump to search
An Chincís

Féile Críostaí is ea an Chincís. Is lá tábhachtach é Domhnach Cincíse (nó Domhnach na Cincíse[1]) i bhféilire na Críostaíochta[2]. Deirtear ina thaobh gur thuirling an Spiorad Naomh ar na haspail lena linn.

Féilire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Titeann an Chincís ar an seachtú Domhnach i ndiaidh na Cásca.

Piseoga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúradh in Éirinn fadó go raibh dlúthbhaint ag an gCincíseach[3] (.i. duineainmhí a rugadh i dtrátha na Cincíse) leis an mí-ádh agus leis an mbás. Creideadh, dá réir sin, go raibh sé i ndán dóibh duine a mharú. Tréimhse an-dainséarach a bhí i gceist  Mar shampla, á ghortaigh Cincíseach duine eile, trí thimpiste fiú, thóg sé an-chuid ama le bheith ar fónamh arís (go dtí an chéad Domhnach Cincíse eile, uaireanta) nó d'fhéadfadh go bhfaigheadh an duine sin bás fiú amháin.

Lucas Van Leyden (1514)

Bás a bhí i ndán don té ar rug ainmhí Cincíseach greim fiacla air, nó má fuair duine speach ón ainmhí sin fiú.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]