An Chiorróis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Neamhord ainsealach leadránach san ae ina milltear cealla an ae agus a dtagann fíocháin cholmnacha (fiobróis) ina ndiaidh is ea an chiorróis. Is é an chúis is coitinne leis ól fada leanúnach iomarcach alcóil. Ach is féidir go dtarlóidh sí mar thoradh ar neamhord uathimdhíonach, príomhchiorróis dhomlasach, bac sa chomhchonair dhomlasach (le calcalais domlais, mar shampla), nó ionfhabhtú víreasach (le heipitíteas B nó C, mar shampla). Má leanann sí ar aghaidh, teipeann an t-ae le buíochán, rith fola, bailiú sreabháin i gcuas an pheireatóinéim sa bholg, agus i ndeireadh báire cóma is bás.