An Cionn Bán
An Cionn Bán | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | BT38 | |||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 028 | |||
Logainm.ie | 1165760 |
Sráidbhaile beag cois farraige is ea An Cionn Bán[1] (as Béarla Whitehead), ar chósta thoir Chontae Aontroma, in Ultaibh, atá suite beagnach leathshlí idir Carraig Fhearghais agus Latharna. Tá sé laistigh den pharóiste sibhialta Teampall Uí Chorráin (Béarla: Templecorran), barúntacht stairiúil Bhéal Feirste Íochtarach [2], agus ina chuid de Chomhairle Buirge Lár- agus Oir-Aontroime. Roimh Phlandáil Uladh taifeadadh an t-ainm mar Whitehead and Kinbaine araon.
Suite ag bun Chnoc Mhullagh Sluagh, tá an baile i gcuan beag idir aillte aolchloiche an Chinn Bháin agus aill bholcánach dhubh an Chinn Dhuibh, agus Teach Solais an Chinn Dhuibh ar a bharr, a mharcálann an bealach isteach chuig Loch Lao. Tá an Ceann Bán timpeall 32 km ó Bhéal Feirste. Ar chósta eile de Loch Lao, tá na hOileáin Chóplainn, Beannchar agus cuid de chósta Chontae an Dúin le feiceáil go soiléir.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “An Cionn Bán/Whitehead | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
- ↑ "White Head". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 Bealtaine 2021. Dáta rochtana: 15 Lúnasa 2022.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |