Plé:An Cionn Bán

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

A Éamoinn, a chara... ní thuigim an t-athrú seo. Is é "An Cionn Bán" ar logainm.ie, ar an nasc a luaigh tusa féin. kscanne (plé) 15:13, 15 Lúnasa 2022 (UTC)[reply]

Tá 'An Ceann Bán' clóbhuailte agus lámhscríofa acu ar an nóta ag https://www.logainm.ie/en/1165760/ ,
cé go bhfuil leaganacha eile lámhscríofa acu in áiteanna eile (I bhformhór na gcásanna tá an pheannaireacht doléite!)
Mar is eol duit, freagraíonn an focal 'ceann' don ainmneach uatha (https://www.teanglann.ie/en/fgb/ceann) i gcomhair 'head' sa Bhéarla, agus an leagan 'cionn' don tuiseal tabharthach uatha (https://www.teanglann.ie/en/fgb/cionn).
Níor fhaca mé riamh trácht ar a leithéidí agus an cionn bán i nGaeilge na hÉireann!
Ar an drochuair, ní mheasaim gur fhoinse iontaofa i gcónaí iad lucht logainm.ie, go háirithe nuair a thagraíonn siad do logainmneacha Uladh, agus is trua don té atá ina muinín!
Ar scor ar bith, má bhraitheann tú go bhfuil dul amú orm, ná bíodh leisce ort míthuiscint s'agamsa a chur ina ceart! Ériugena (plé) 20:32, 15 Lúnasa 2022 (UTC)[reply]
Is é "cionn" an tuiseal tabharthach de réir an Chaighdeáin, ach is litriú coitianta é sin san ainmneach uatha freisin, go háirithe i measc scríbhneoirí as Cúige Uladh. B'fhéidir go bhfuil níos mó muinín agamsa as lucht logainm.ie! Ach ba mhaith liom cloí leis na moltaí atá acu, mura bhfuil fianaise shoiléir ann go bhfuil botún i gceist (agus ní dóigh liom gurb é sin an rud a tharla anseo). Féach freisin "An Cionn Álainn", "An Cionn Ard", "An Cionn Garbh"... spéisiúil domsa go dtosaíonn na leaganacha Béarla le "Kin-" seachas "Kan-" sna cásanna seo. kscanne (plé) 20:48, 15 Lúnasa 2022 (UTC)[reply]

OK! Ériugena (plé) 21:06, 15 Lúnasa 2022 (UTC)[reply]