Plandáil Uladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Phlandáil Uladh)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPlandáil Uladh
Cineálplantation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCúige Uladh Cuir in eagar ar Wikidata


Na contaetha a plandáladh in Ultaibh (teorainneacha nua-aimseartha). Tabhair faoi deara go bhfuil an léarscáil simplithe, mar nár choilíníodh an réimse iomlán atá scáthaithe

Is éard atá i gceist le Plandáil Uladh ná an dóigh ar cuireadh Protastúnaigh ina gcónaí i gCúige Uladh sa 17ú haois leis an gcúige a dhéanamh dílis do choróin Shasana. Cuid a bhí ann d'iarrachtaí na nGall an tír a chur faoi chois, agus cuireadh i gcrích é sa bhliain 1609 go hoifigiúil, i ndiaidh teitheadh na nIarlaí.

Sa 17ú haois, b'é Cúige Uladh an cúige ba mhó a bhí ag tarraingt trioblóidí anuas ar na Sasanaigh.

D'éirigh leis an bplandáil seo i bhfad ní b'fhearr ná le hiarrachtaí cosúla i gCúige Mumhan is i gCúige Laighean, nó bhí córas eagraithe taobh thiar de nach raibh a leithéid ann sna plandálacha eile.

Mar shampla, tháinig lucht na gceirdeanna ó Londain go Doire Cholm Cille. Agus d’fhág Plandáil Uladh lorg ar go leor áiteanna eile, cuir i gcás, Ghleann Fhinne. Bhronn Séamas I an talamh maith sa cheantar ar eachtrannaigh as an Bhreatain Bheag i 1609 agus tá a sliocht ann go fóill.

Ruaigeadh a lán Caitliceach as a gcuid seantailte. Dá thoradh sin, d'fhréamhaigh pobal Gallda i gCúige Uladh.

Cuntais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo sliocht as Treoir do Phlandáil Uladh, 1610 (A Direction for the Plantation of Ulster), treoracha agus tuairimí Thomas Blennerhasset, 'Plandálaí in Uladh', faoin gcur chuige is fearr le tailte Uladh a chur faoi choisː

Cé nach bhfuil naimhde le feiceáil i láthair na huaire, tá ceithearnaigh choille (woodkerne - Gaeil ina gcónaí sna coillte) agus eile amuigh ansin. Agus, cé go gcuireann siad cuma chairdiúil orthu féin anois, is bagairt mhór iad. Má tá an deis acu, cuirfidh siad rud ar bith trí thine agus goidfidh siad an uile ní timpeall orthu. Ar bharr orthu siúd, tá dhá rud eile a chuireann le sotal (insolence) na gceithearnach sin: coillte doshroichte agus portaigh dhosháraithe... Céard gur féidir le caisleán nó bábhún beag le cúpla duine iontu, scaipthe timpeall na háite, a dhéanamh? ... Céard gur chóir dúinn a dhéanamh? Ba chóir dúinn, dar ndóigh, bailte daingnithe láidre a thógáil, le go mbeidh cúig chéad fear na n-arm réidh againn le tabhairt faoi dhúshlán ar bith: Agus ní leor an baile sin gan ceann eile, agus is fearr go mbeidh, más féidir linn é a thógáil, an tríú baile ann: agus mar sin, beidh tacaíocht agus cúnamh ar fáil ar gach aon taobh don chosaint agus don ionsaí...[1]

Cuntas eile é seoː[2]

Thángamar go dtí an baile nua, Cúl Raithin go luath sa bhliain 1609. ... Níl aon dabht ach gur talamh iontach a bhí ann. Is é an trua é áfach nár thug an pobal dúchasach aire cheart don talamh i gcaitheamh na mblianta. ,, Tar éis roinnt blianta d’obair chrua Phreispitéireach bheadh rath ar an eacnamaíocht sa cheantar seo. Timpeall ar an gcúige ar fad bhí an rud céanna ag tarlú. Bhí bailte nua á dtógáil i gceantair nach bhfaca aon fhorbairt riamh. Bhíomar cruthú sibhialtacht in áit go raibh easpa sibhialtachta leis na céadta bliain. Bhí obair chrua ós comhair na daoine a tháinig go dtí an baile seo. Tugadh feirmeacha agus talamh dóibh ach bheadh orthu a bheith cúramach ar eagla go mbeadh ionsaí ann ó na daoine fiáine a bhí ina gcónaí sna sléibhte agus sna portaigh.[2]

Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh an chéad síol le trioblóidí Thuaisceart Éireann. Tá sé soiléir gurb í an Phlandáil is príomhchúis le cuid mhór d'fhadhbanna an lae inniu.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. .scoilnet.ie. "[https://www.scoilnet.ie/uploads/resources/37424/37226.pdf Plandáil Uladh: Foinsí agus Fianaise a Bhaineann le lonnaíocht in Éirinn]". Dáta rochtana: 2022.
  2. 2.0 2.1 cogg.ie. "Plandáil in Éirinn". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-14. Dáta rochtana: 2022.
  3. "Derry city walls" (as en) (2022-09-02). Wikipedia.